Ceiliúrtar an Lá Domhanda na hEolaíochta ar son Síochána agus Forbartha ar an 10 Samhain gach bliain.
D'fhógair EOECNA (Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe) an Lá sa bhliain 2001 agus ceiliúradh é don chéad uair sa bhliain 2001.
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Bailíocht | 2 Samhain 2001 - |
Lá | 10 Samhain |
Bunaitheoir(í) | Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe |
Príomhábhar | eolaíocht síocháin |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Tugann UNESCO
"cuireadh dúinn meas a bheith againn ar ról suntasach na heolaíochta sa tsochaí agus é a cheiliúradh, agus aitheantas a thabhairt don iliomad bealaí ar féidir le heolaithe ar fud an domhain cuidiú linn i leathnú ár dtuisceana ar an bpláinéad iontach leochaileach a roinnimid le chéile.
Tá sé ríthábhachtacht meas a bheith againn ar thábhacht na heolaíochta inár saol, agus ar thuiscint ar an eolaíocht maidir le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá roimh an gcine daonna.
Tá aghaidh á tabhairt go ciallmhar agus go héifeachtach ar an iliomad fadhbanna atá romhainn - amhail an bhochtaineacht dhomhanda, an t-athrú aeráide, an choinbhleacht, an galar agus an t-ocras - trí thairbhe an taighde agus na tuisceana eolaíochta a roinnt. Is cruthúnas air sin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus sinn ag brath, mar a dhéanaimid, ar scoth na hoibre eolaíochta.
Ar an Lá Domhanda Eolaíochta seo, geallaimis an athuair go gcloífimid le prionsabail an chomhoibrithe dá leithéid, chun an t-eolas a roinnt ar bhealach cóir cothrom, rud a chabhróidh linn go léir saol síochánta agus forbairt inbhuanaithe a chruthú sa todhchaí.”
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lá Domhanda na hEolaíochta ar son Síochána agus Forbartha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.