Príomhchathair na Súdáine Theas in oirthuaisceart na hAfraice is ea Juba.
Príomhchathair stát Equatoria Láir é Juba chomh maith. Tá Juba suite ar bhruach thiar na Níle i ndeisceart na tíre. Is é an chathair is mó sa tír agus 372,000 duine ina gcónaí ann (2011).
Juba | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an tSúdáin Theas | |||
State of South Sudan (en) | Central Equatoria (en) | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 459,342 (2023) | |||
• Dlús | 8,833.5 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 52 km² | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Níl | |||
Airde | 550 m | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 1922 | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
D'fhás an chathair as ionad trádála agus misean Críostaí a bunaíodh sa 19ú haois, agus go mórmhór as siopaí agus tithe na gceannaithe Gréagacha a sholáthraigh an t-arm Briotanach sna bólaí sin sa chéad leath den 20ú haois. D'fhág na Gréagaigh a rian ar ailtireacht na cathrach. Bhí daoine ón treibh Bari líonmhar ann freisin agus caidreamh maith acu leis na Gréagaigh. Níltear róshásta le Juba mar phríomhchathair, agus tá rialtas na tíre ag féachaint chun cathair phleanáilte a thógáil in áit níos oiriúnaí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Juba, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.