Bean rialta d'Ord San Iaróm agus scríbhneoir nonvohispana i Ré Órga litríocht na Spáinne ab ea Juana Inés de Asbaje y Ramírez de Santillana nó sor Juana Inés de la Cruz mar is fearr aithne uirthi (12 Samhain 1651 – 17 Aibreán 1695).
Shaothraigh sí an fhilíocht, litríocht an chreidimh agus an drámaíocht, chomh maith leis an bprós. Thuill feabhas a saothair leasainmneacha di mar "Féinics Mheiriceá" agus "an Deichiú Bé [Mheicsiceach]".
Ainm sa teanga dhúchais | (es) Sor Juana Inés de la Cruz |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 12 Samhain 1651 Nepantla de Sor Juana Inés de la Cruz (Coróin na Caistíle) |
Bás | 17 Aibreán 1695 43 bliana d'aois Cathair Mheicsiceo (Coróin na Caistíle) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eipidéim) |
Áit adhlactha | Cathair Mheicsiceo |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Teanga dhúchais | an Spáinnis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht |
Suíomh oibre | Cathair Mheicsiceo Convent of San Jerónimo (Mexico City) (en) |
Gairm | file, cumadóir, drámadóir, cloistered nun (en) , fealsamh, scríbhneoir, matamaiticeoir, siúr, bean rialta |
Seánra | Amharclannaíocht agus filíocht |
Gluaiseacht | Barócach |
Teangacha | Béarla, an Laidin, an Nachuáitlis, an Spáinnis agus an Bhascais |
Ord crábhaidh | Nuns of the Order of Saint Jerome (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Rugadh í mar Juana Inés de Asbaje y Ramírez de Santillana in San Miguel Nepantla (Nepantla de Sor Juana Inés de la Cruz inniu ina honóir) in aice le Cathair Mheicsiceo. Leanbh tabhartha ab ea í: captaen Spáinneach darbh ainm, Pedro Manuel de Asbaje, a hathair agus bean criolla, Isabel Ramírez, a máthair. Níor fhan a hathair; a máthair a thóg í ar hacienda athair Isabel in Amecameca in aice le Cathair Mheicsiceo.
Bhí dúil mhór sa léinn ag Juana ó bhí sí ina leanbh. Fuair sí léamh agus scríobh sula raibh sí 4 bliana d'aois ag freastal ar ranganna na deirféar is sine sa chlann, é seo i ngan fhios dá máthair. D'fhoghlaim sí an loighic Ghréagach agus in aois a 13 bliana bhí sí ag múineadh Laidine do pháistí eile. D'fhoghlaim sí an teanga Nahuatl agus scríobh cúpla dán gearra sa teanga úd.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
}}
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Juana Inés de la Cruz, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.