Lia ab ea John Snow (15 Márta 1813 - 16 Meitheamh 1858) a raibh dlúthbhaint aige le cúrsaí sláinte phoiblí i Londain (a bhí buailte le calar sa bhliain 1854).
Laoch mór i bhforbairt leighis ab ea é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Márta 1813 Eabhrac (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Bás | 16 Meitheamh 1858 45 bliana d'aois Londain (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stróc) |
Áit adhlactha | Reilig Brompton |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Westminster Hospital Medical School (en) Ollscoil Londan |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis, eipidéimeolaí, ainéistéiseolaí |
Teangacha | Béarla |
Rugadh is tógadh Snow in Eabhrac, Sasana. Ba é an duine is sine de naonúr clainne é. D'oibrigh a athair mar sclábhaí.
Bhí sé ina phrintíseach, in aois a ceathair déag, ag máinlia, darb ainm Thomas Harding i Newcastle on Tyne. I 1836 thosaigh sé a chuid staidéir sa scoil leighis Hunterian i Londain.
Sa bhliain 1838 cláraíodh é mar bhall de Coláiste Ríoga na Máinlianna i Sasana. Bronnadh céim air i 1844 agus bhain sé ballraíocht amach i gColáiste Ríoga na Lianna i 1850.
D’fhoghlaim sé conas ainéistéise a úsáid ó na Meiriceánaigh agus bhí inniúlacht mhaith aige sa chleachtadh sin. Thug sé éitear don bhanríon Victoria dhá uair is í i luí seoil.
Dob é an cur chuige a tharraing an clú is mó air áfach ná a choincheap gurb iad bitheoga ba chúis leis an calar, in áit thruailliú aeir (tuairim a bhí fairsing fán am sin).
Sa bhliain 1854 bhí briseadh amach ollmhór de chalar i Soho i Londain. Mar gheall ar staidéar cruinn agus anailís staitistiúil, chruthaigh Snow gurb í an fhoinse uisce a bhí ag scaipeadh an ghalair. Rinne sé éacht nuair a cuireadh stop leis.
D’fhoilsigh sé cur síos amháin in 1849, agus tar éis an briseadh amach i Soho in 1855, d’fhoilsigh sé aiste níos mó (On the Mode of Communication of Cholera an teideal a bhí uirthi).
Bhuail stróc é ar 10 Meitheamh 1858, agus fuair sé bás sé lá níos déanaí, in aois 45 dó.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article John Snow, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.