Polaiteoir agus an 40ú Príomh-Aire na Nua-Shéalainne is ea Jacinda Kate Laurell Ardern, a rugadh ar an 26 Iúil 1980.
D'éirigh sí as a post mar Phríomh-Aire .
Déantar comparáidí go rialta idir Ardern agus an tUachtarán Trump ó tharla gur toghadh an bheirt acu i bhfómhar na bliana 2017.
Tharla Oll-lámhach Christchurch ar an 15 Márta 2019 (dúnmharaíodh 51 duine). Dúirt Ardern go n-íocfadh an Stát as sochraidí na marbh, go gcuirfí dlíthe nua faoi ghunnaí i bhfeidhm (agus rinneadh sin taobh istigh de sheachtain) agus go ndéanfaí iniúchadh go hidirnáisiúnta ar an mbealach a dtéann na meáin shóisialta i ngleic le teachtaireachtaí a bhaineann le foréigean. Bhí Ardern tuisceanach i ndáiríre agus moladh go hard í ag an am.
Chuir Ardern dianghlasáil docht i bhfeidhm mar gheall ar phaindéim Covid-19. Bhí cuid de mhuintir na Nua-Shéalainne sáinnithe thar sáile idir Márta 2020 agus Feabhra 2022.
Ar 19 Eanáir 2023, bhí sé fógartha ag Ardern go mbeadh sí ag éirí as i mí Feabhra, mar go raibhsí “spianta”. Bhí ard-mheas uirthi ó toghadh í ina Príomh Aire i 2017, ach bhí go leor tacaíochta caillte aicí sa bhliain 2022/2023 agus deacrachtaí i ndán don gheilleagar ; bhí amhras faoi mar a d’éireodh léi in olltoghchán an fhómhar 2023.
Is síol faoin Nua-Shéalainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Jacinda Ardern, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.