Idirlíon

Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.

Idirlíon

Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha (seanaimseartha anois) agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon.

Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.

Seirbhísí

I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá:

I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:

Idirlíon 
cinsireacht

Úsáidí

I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:

  • CumarsáidRíomhphost, seomraí comhrá, glór thar IP (VOIP), grúpaí nuachta, srl.
  • Siamsaíocht – Físeáin de gach saghas (pornagrafaíocht ach go háirithe), irisí ar líne, ceol ar líne, cluichí ar líne, srl.
  • Idirlíon 
    "dúphoill"
    Eolas – Tá eolas ar chuile ábhar ar líne. Tá sé furasta go leor teacht air le hinnill cuardaigh
  • Ríomhthráchtáil – Siopadóireacht ar líne, seirbhísí bainc, ceantanna ar líne, srl.
  • Oideachas – Tá an ríomhfhoghlaim ina réimse atá ag fás go mór

Roghanna ceangal

Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:

  • Leathanbhanda thar an gcóras fóin nó thar xhábla: Líne Dhigiteach Rannpháirtí (DSL)
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas ard – 1 Mbps +
    • Ceangailte i gcónaí
    • Is féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim DSL ag teastáil
    • Níl sé ar fáil go forleathan – caithfidh tú a bheith gar don mhalartán
    • Praghas ag ísliú de bharr iomaíochta ó sholáthraithe eile leathanbhand
  • Satailít/Gan Sreang
    • Roinnt soláthraithe ag cur seirbhísí gan sreang ar fáil
    • I gceantair áirithe, an t-aon rogha a bheadh níos sciobtha ná nasc dialaithe
    • Glacadóir speisialta nó mias satailíte ag teastáil
  • Nasc Dialaithe
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas íseal – 56 Kbps ar a mhéid
    • Bíonn moill ceangail i gceist
    • Líne teileafóin gafa leis – ní féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim ag teastáil
    • An t-aon rogha atá ar fáil i gceantair áirithe
    • Samplaí: do chomhlacht fóin
  • Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite (ISDN)
    • Líne ISDN (éagsúil ón líne fóin) ag teastáil
    • ar fáil go forleathan in Éirinn
    • Móideim ISDN ag teastáil
    • Luas réasúnta –
      • 64 Kbps (líne shingil)
      • 128Kbps (líne dhúbailte)
    • Níl bhíonn moill ceangail ann
    • Sách daor má bhíonn an dá líne in úsáid
Idirlíon 
aithreacha an WWW ... Robert Cailliau, Jean-François Abramatic, and Tim Berners-Lee sa bhliain 2004

Stair ghairid

  • 1965 – Tosaíonn ARPA (Advanced Research Projects Agency - an Ghníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighdear) ar an ARPANET a fhorbairt
  • 1969 – Déantar an céad 4 óstach a cheangal le ARPANET: Stanford Research Institute, UCLA, UC Santa Barbara agus University of Utah
  • 1971 – 23 óstach ar ARPANET
  • 1973 – Ceanglaítear roinnt óstaigh i dtíortha eile
  • 1974 – Deartar TCP/IP le húsáid ar ARPANET
  • 1981 – 213 óstach ar ARPANET. Breis líonraí neamhspleácha á cheangal. Cruthaíonn NSF (National Science Foundation) a líonra fairsing fhéin nach raibh ceangailte le ARPANET
  • 1982 – An téarma "Internet" luaite don chéad uair
  • 1983 – TCP/IP in úsáid go caighdeánach
  • 1986 – ARPANET agus NFSNET ceangailte
  • 1987 – Breis agus 10,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1989 – Breis agus 100,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1992 – An WWW scaoilte ag CERN
  • 1993 – An chéad bhrabhsálaí – Mosaic
  • 1994 – Bunaíodh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda. A lán óstaigh agus líonraí nua á gceangal leis an tIdirlíon. Is féidir pizza a ordú ó Pizza Hut tríd!!!
  • 1996 – 10 milliún óstach
  • 1996 – 1998 – Borradh mór i gcúrsaí tráchtála ar an nGréasán Domhanda
  • 2000 – Pléascadh an .com
  • 2007 – Tá éileamh ar cheol (m.sh. iTunes), podchraoladh (m.sh. cláir raidió), VOIP (m.sh. Skype), blagáil (m.sh. IrishBlogs.ie), cláir feasacháin (m.sh. boards.ie), srl.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Idirlíon SeirbhísíIdirlíon ÚsáidíIdirlíon Roghanna ceangalIdirlíon Stair ghairidIdirlíon Féach freisinIdirlíon TagairtíIdirlíonAn DomhanLíonra ríomhairíTeileachumarsáid

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Corrán (uirlis)DiamantCorona, CaliforniaCnoc IórdainBruce AlmightyIlteangachasIonad siopadóireachta Bhaile Ghleann na LifeDáibhí Ó CróinínAip shoghluaisteEilís Ní DheáLizzo62 (uimhir)Skibidi ToiletDoirePáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Bialann1970 sa teilifísÁmósLógaidhLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaTeocht230íGaeilgeSgúrr na CícheEdward TellerLuanAda LovelaceGale SondergaardAonad tomhaisDùn ÈideannGleann Dá LochMogalra leictreachCarlo AncelottiMícheál Ó CoileáinIrisí agus Nuachtáin GaeilgeNúiclínGeoiméadracht anailíseachD DayTionól Thuaisceart ÉireannFánaíochtRalf SchumacherBrian WalshCogadh na CriméCrosáid na MalrachFearHasseltPeugeotAn Chré-umhaoisAchtainídJoe DiMaggioMatamaiticAn tSínisJohn ChallisContaetha na hÉireannGallaibhAn EoraipTennys SandgrenMosi-oa-TunyaTreapánadhCill DealgaAkureyriCoiste Pléimeannach na FrainceSéamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus ÉireLacha bháneiteachRígeSéamas II agus VIISgùrr nan EugalltLeasú (talmhaíocht)Éire agus an Bhreatain Mhór🡆 More