Henry Fielding

Scríbhneoir Sasanach a rugadh i Sharpham i nGlastonbury ba ea Henry Fielding (22 Aibreán 1707 – 8 Deireadh Fómhair 1754).

Ba shaothar ceannródaíoch a úrscéal grinn aorach The History of Tom Jones, a Foundling (1749). In éineacht le Samuel Richardson, feictear Fielding mar bhunaitheoir an úrscéil thraidisiúnta Bhéarla. Bhí ról tábhachtach aige freisin i stair fhorfheidhmiú sa Ríocht Aontaithe, ag baint úsáide as a údarás mar ghiúistís chun an Bow Street Runners a bhunú, an chéad fhórsa póilíneachta gairmiúil i Londain.

Infotaula de personaHenry Fielding
Henry Fielding
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Aibreán 1707
Sharpham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Deireadh Fómhair 1754
47 bliana d'aois
Liospóin, An Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ciorróis)
Áit adhlacthaBritish Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Breitheamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eton (1719–1724)
Ollscoil Leiden Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, drámadóir, file dlíodóra, giúistís, úrscéalaí, saineolaí dlí, breitheamh, iriseoir, Giúistís Síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1728 –
SeánraAoir, picaresque novel (en) Aistrigh agus gearrscéal
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileCharlotte Craddock (1734–)
Mary Daniel (1747–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHenrietta Fielding
 (Henry Fielding Charlotte Craddock)
William Fielding
 (Henry Fielding Mary Daniel)
Allen Fielding
 (Henry Fielding Mary Daniel) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEdmund Fielding  agus Sarah Gould
SiblínSarah Fielding, Edmund Feilding, Anne Feilding, Catherine Feilding, Ursula Feilding, Beatrice Feilding agus John Fielding

IMDB: nm0276145 IBDB: 87837
Musicbrainz: ca5b4ccc-7163-4570-a274-41dadffccf4e Discogs: 1713344 Find a Grave: 1236 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis

Ba mhac oifigigh ó theaghlach uasaicmeach é Fielding, a d'fhás suas i Somerset in iardheisceart Shasana. D’fhreastail sé ar Choláiste Eton go dtí 1725, tar éis a thosaigh sé ar shaol taistil, ag cur tús lena ghairm scríbhneoireachta ag an am céanna i stíl William Congreve. Tar éis tréimhse staidéir i Leiden san Ísiltír, bhí air filleadh abhaile mar gheall ar bhochtaineacht agus rinne sé iarracht a bheatha a shaothrú mar scríbhneoir. Scríobh sé líon mór drámaí grinn ar ábhair pholaitiúla agus tráthúla, cuid mór a bhí aorach agus criticiúil don príomhaire san am, Robert Walpole. Deirtear gur freagra díreach dlí cinsireachta nua i 1737 ar a chuid scríbhinn don amharclann. Nuair a d'fhág an rialtas go raibh sé dodhéanta drámaí a léiriú, thosaigh Fielding ag déanamh staidéir ar an dlí agus bhain sé dhá chéim amach. Sna blianta 1739-1741 bhí sé ina eagarthóir ar an irisleabhair The Champion.

Thosaigh Fielding ag scríobh úrscéalta i 1741, rud a músclaíodh go pointe áirithe ón rath Samuel Richardson agus a úrscéal Pamela. Ba é a chéad rath ná scigaithris gan ainm den úrscéal thuasluaite, ar a dtugtar Shamela, a lean eiseamláir aoir Thoraí den ghlúin roimhe, go háirithe Swift agus Gay. Lean Fielding é seo le Joseph Andrews (1742), saothar a phléann le deartháir Pamela, Joseph, de réir dealraimh. Cuspóir ní ba mhó a bhí aige, áfach, ná scigaithris amhaín; mar a scríobh sé sa réamhrá, bhí sé ar intinn aige "cineál scríbhneoireachta a dhéanamh nach bhfuil feicthe agam inár dteanga go dtí seo, chomh más buan mo chuimhne." Thug Fielding "dán eipiciúil grinn i bprós" ar a chuid scríbhneoireachta, ina chumasc sé dhá thraidisiún chlasaiceach: sin an eipiciúil, a bhí fileata, agus an dráma, ach ag cur béime ar na gnéithe barrúla seachas traigéideacha. Gné eile Joseph Andrews agus na húrscéalta a bhí le teacht ná úsáid a bhaineadh as réaltacht laethúil maidir le charachtair agus aicsin, i gcomparáid le finscéalta an ama a tháinig roimh sin. Cé gur scigaithris ó thús, d'fhorbair Joseph Andrews ina úrscéal éirimiúil ann féin agus breathnaítear air mar chéad úrscéal Fielding mar úrscéalaí dáiríre.

Is é an saothar is mó a chruthaigh sé ná The History of Tom Jones, a Foundling (1749), úrscéal grinn le gnéithe den phicaresque agus den Bildungsroman, a insíonn scéal corntha, rancásach faoi conas a tháinig leanbh tréigthe ina oidhreacht. Ní fhéadfá cur síos a dhéanamh ar an bplota in achoimre shimplí; insíonn sé an choimhthiú a bhí ag Tom óna athair altrama, Squire Allworthy, agus a leannán, Sophia Western, agus an t-athmhuintearas a rinne sé leo tar éis sraith eachtraí bríomhara contúirteacha. Bua é mar léiriú ar sochaí agus ar charachtar Shasanach i lár an 18ú haois.

Saothair

I measc shaothair Henry Fielding tá:

  • An Apology for the Life of Mrs. Shamela Andrews (1741)
  • The History of Tom Jones, a Foundling (1749)
  • Amelia (1751)

Tagartí

Tags:

1707175422 Aibreán8 Deireadh FómhairGlastonburyRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannSamuel RichardsonÚrscéal

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Sgùrr nan EugalltMeán FómhairAn SpáinnJoseph NeedhamNaomh DáibhíCeadúnas GNU do Dhoiciméadú SaorComhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Caisleán RiabhachDrámadóir1294Ceartmhíol mórFuinneamhLógaidhConair Chósta na Breataine BigeSclábhaíochtImeacht na nIarlaíTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheIarannUíbh RáthachCoiste Pléimeannach na FrainceAm Bláran OdharBarack Obama18 LúnasaÉireGluaiseacht (úrscéal)Blue PeterBreicneStáit Aontaithe Mheiriceá514Corr chorcraBrigit2 AibreánTubaiste imirceach sa Mhuir Iónach (2023)HasseltHorsham (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)GrianfhuinneamhAonad tomhaisÉnrí Ó BeóláinCastán430íCairdeoideachStampa poistAm Mòine NaomhAn IoruaOllphanda(55637) 2002 UX25NuachtánBaile Átha Cliath680 RCGinearáloifigeachCeardchumannAn NamaibDeasc1 NollaigDuineStaighreDáibhí Ó CróinínIonad Siopadóireachta Rinn MhachanLuksika KumkhumLouise BourgeoisMalagásaighTriphyophyllumBaile a' Ghobhainn, GhlaschúFrançois HollandeUisge ÍleJames Stephens (scríbhneoir)CosLògaidhEilís Ní DheáBréag🡆 More