Ealaíontóir agus iar-Impriseanaí Francach ba ea Henri Matisse (Le Cateau-Cambrésis, 31 Nollaig 1869 - 3 Samhain 1954), ar dhuine de na péintéirí is tábhachtaí i stair na nua-ealaíne.
Dréachtóir, déantóir priontaí, agus dealbhóir a bhí ann. Is í an phéintéireacht is mó a thuill clú dó, áfach.
Bhí Matisse 20 bliain d'aois agus ag teacht chuige féin ó bhabhta tinnis, nuair a thug a mháthair bosca péinteanna dó. Ag an nóiméad sin a thosaigh a shaol mar phéintéir. Bhí Matisse an-tógtha le dathanna, a d'úsáid sé chun cruthanna agus mothúcháin a chur in iúl. Chaith sé a shaol ar fad ag spraoi le dathanna, agus feicimid ina shaothar an craic a bhain sé astu.
Sa bhliain 1905,cheannaigh Leo agus Gertrude Stein a phictiúir "fauve" is cáiliúla, “Bean le Hata”. Duine anaithnid ag an am. bhí siad ag iarraidh cabhair a thabhairt do Matisse (chaith siad 500 franc, timpeall 70 euro inniu).
Sna 1910idí, bhí stiúideo ag Henri Matisse ar an Quai Saint-Michel i bPáras agus d'fhan sé ann le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. D'éirigh na dathanna níos dorcha ar feadh na mblianta sin.
Sa bhliain 1941 chuaigh Matisse faoi scian agus ní raibh sé in ann seasamh ag seastán ealaíne a thuilleadh. Ní raibh radharc na súl go maith aige ach an oiread. Bhí sé i gcathaoir rothaí ach bhí sé go fóill ag iarraidh a bheith ina ealaíontóir. Thosaigh sé ag déanamh colláis le páipéar óna chathaoir rothaí. Chuir sé an t-ainm ar an ealaín seo ‘Ag tarraingt le siosúir’.
Bhí 84 bliain d'aois slánaithe ag Matisse nuair a fuair sé básː bhuail taom croí é ar an 3 Samhain 1954.
Ó thaobh na hÉireann de, is díol spéise ar leith grúpa léaráidí le Henri Matisse in 1935 d'fhoilseachán Nua-Eabhrac de Ulysses le James Joyce.
I rith 2011, chuir an Leabharlann Chester Beatty taispeántas ar bun de leabhair ealaíne Henri Matisse i mBaile Átha Cliath.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Henri Matisse, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.