Teileafón: Gléas teileachumarsáide

Is gléas teileachumarsáide é an guthán nó teileafón nó fón, chun fuaim (caint ach go háirithe) a tharchur agus a ghlacadh, go hiondúil idir bheirt, nó níos mó, ag caint le chéile.

Tá an gutháni measc na ngléasanna tí is coitianta sa domhan nua-aimseartha. Mar aon le sin, is ceann dos na huirlisí gnó is tábhachtaí ar domhan é.

Teileafón: Sansaíocht, Stair, Teicneolaíocht inniu
Teileafón: Sansaíocht, Stair, Teicneolaíocht inniu
timpeall na 1940idí

Sansaíocht

Tagann an focal guthán ón nGréigis τηλέ (i bhfad) agus φωνή (guth), a úsáidtear.

Stair

Fuair Alexander Graham Bell an phaitinn sa bhliain 1876 chun an ionstraim a fhorbairt. Leag sé síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison chun comhartha leictreach a chruthú ó fhuaim an ghutha.

Sa bhéalóg d'imbhuail creathanna na fuaime san aer le scannán anuas ar chiseal gráinníní carbóin, agus d'athraigh brú an scannáin friotaíocht an chisil seo chun sruth athraitheach leictreach a chruthú mar chomhartha na fuaime. Nuair a shroich an comhartha srutha seo an cluasán sa ghlacadóir, rith sé trí leictreamaighnéad, agus chrith a réimse athraitheach seo scannán, rud a chruthaigh fuaimthonn, díreach i bpas leis an gcomhartha, agus mar sin díreach i bpas le bunfhuaim an ghutha a labhair isteach sa bhéalóg thosaigh.

Teileafón: Sansaíocht, Stair, Teicneolaíocht inniu
Guthán bunúsach ón bhliain 1984.

De réir a chéile tugadh isteach athchraoltóirí (aimplitheoirí, i ndáiríre) chun cur leis an gcomhartha ar an tsreang agus glaonna thar chianfhaid a chur ar fáil.

Teicneolaíocht inniu

I láthair na huaire, ar cheangail raidió le satailítí agus naisc le micreathonnta, seachas sreanga, a bhíonn córais teileafóin bunaithe den chuid is mó. Teileafóin sho-ghluaiste nó iniompartha is ea iad.

Bunús eile leis na córais nua-aoiseacha is ea na córais ríomhaire chun glaonna a ródú go huathoibríoch. Anois bíonn na hionstraimí teileafóin leictreonach, le heochaircheap in ionad diaile, agus tréithe cliste, bunaithe ar ríomhairí is cuimhní digiteacha, cosúil le liosta uimhreacha na ngnáthghlaonna, glaoch ar ais ar an uimhir is déanaí, ceangal leis an Idirlíon, físteileafóin, is tréithe ilmheáin eile.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Teileafón SansaíochtTeileafón StairTeileafón Teicneolaíocht inniuTeileafón Féach freisinTeileafón TagairtíTeileafónCaintFuaimTeileachumarsáid

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

StockportGleann Dá LochBeanntan DhiùraStampa poistAn BéarlaGiúdaigh AisceanazaíochaGale SondergaardP. RamleeMechelenNaomh DáibhíPrizrenTeampall ChaomháinSenedd CymruContae Cherokee, TexasAlexandre Edmond BecquerelAm Mòine NaomhDún SgathaichSylvain DistinHasselt1971Lee E. McMahonVínAn tIRA SealadachSatailít aimsireCaisleán Uí BhriainBodach StòrrContae Custer, ColoradoMuhammad AliÓimigeDinísiasIonad Siopadóireachta Rinn MhachanConcord, New HampshireVolgogradCam ClarkeTeach na dTeachtaí, An Ríocht Aontaithe500 (uimhir)AontúTiarachJacques SantiniCurasó(55637) 2002 UX25Fifth HarmonyDiúraLeosótaDiaMick WallaceLeictreonInis MeáinUíbh RáthachOllphléasc (Margaí Airgeadais)AnatidaeGréasán DomhandaTeamplóiríEagraíocht Chonradh an Atlantaigh ThuaidhAl GoreLíomaGreg AbbottCultúrFlann Ó Riain1977GeimhreadhMeán FómhairAn tAontas EorpachDenis Daly (Ciarraí)NarutoAn IndinéisFrederick HoyleAonad tomhaisLuimneachBaile na Cille🡆 More