Is aisteoir,stiúrthóir agus scríbhneoir Albanach í Gerda Stevenson.
Chuir The Scotsman síos uirthi i 1999 mar “an t-aisteoir is fearr in Albain” (Béarla:"Scotland's finest actress" ). Bhí go leor páirteanna aici san amharclann, lena n-áirítear an phríomhpháirt in aistriúchán Béarla a rinne Edwin Morgan ar Phèdre agus Lady Macbeth. (Chum Jean Racine an tragóid drámata Phèdre i véarsaíocht shiollach alexandrine). Bhí Gerda le feiceáil i go leor drámaí teilifíse. Ba í máthair Murron MacClannough í sa scannán Braveheart de chuid Mel Gibson, agus tá aithne ag éisteoirí raidió na Breataine Móire ar a guth, mar léitheoir gearrscéalta agus oiriúnuithe. Go háirithe, léirigh sí roinnt dánta agus amhrán le Robert Burns don BBC.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Aibreán 1956 68 bliana d'aois Na Pùballan, Scotland |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ban-aisteoir |
Fostóir | BBC |
Teangacha | Béarla agus an Albainis |
Teaghlach | |
Céile | Aonghas MacNeacail |
Suíomh gréasáin | gerdastevenson.co.uk |
Tá sí pósta ag an fhile Ghaeilge Aonghas Dubh MacNeacail.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gerda Stevenson, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.