Is polaiteoir cumannach Neipealach de bhunadh na Madhes é Ganesh Shah (Neipeailis; गणेश शाह), a rugadh Lohana Dhanusha, 12 Nollaig 1949.
Tá sé ar dhuine de na ceannairí is sine ar Pháirtí Cumannach Neipeal (aontaithe), a raibh sé ina Ard-Rúnaí air. Bhí sé ina Aire Comhshaoil, Eolaíochta agus Teicneolaíochta Neipeal freisin i rialtas Pushpa Kamal Dahal "Prachanda".
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Nollaig 1949 74 bliana d'aois Neipeal |
Ball de Chomhthionól Neipeal | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Rúiseach Chairdeas na Náisiún |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, innealtóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach Neipeal (Aontaithe) |
Teangacha | An Neipeailis |
Is innealtóir meicniúil é Shah de réir gairme, agus bhain sé céim Mháistreachta amach san Innealtóireacht Theicniúil ón Ollscoil Rúiseach Chairdeas na Náisiún Patricio Lumumba (Rúisis: Российский университет дружбы народов) i 1973.
Tá sé pósta ar Kalyanee Sapkota, ball de Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach Neipeal (aontaithe), a bhfuil beirt mhac aige.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ganesh Shah, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.