Is é is dualghluaisne ann ná gluaiseacht na réalta féin trasna na spéire mar a fheictear dúinn féin í, is é sin, an chuid de ghluaiseacht infheicthe na réalta arb í fíor-ghluaiseacht na réalta is cúis léi.
Aithnítear dualghluaisne na réalta ar a comhordanáidí meánchiorclacha, is é sin, ar an gceartairde agus ar an diallas. Má fhágtar gluaiseacht an Domhain féin, chomh maith le gluaiseachtaí ais rothlaithe an Domhain - is é sin, an luainíocht agus an nútú - as an áireamh, gheofar dualghluaisne na réalta. Is iad na réaltaí is mó dualghluaisne ar an spéir ná Réalta Kapteyn agus Réalta Barnard.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dualghluaisne, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.