Is éard atá sa chumarsáid smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl.
Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach.
Tá córas an-chasta cumarsáide in úsáid ag an gcine daonna, cuma más sméideadh beag atá i gceist nó áiseanna aimhréidhe leictreonacha. Ar na saghsanna cumarsáide is mó is dual don aois atá anois ann tá an bholscaireacht agus an fhógraíocht, rudaí ar chuspóir dóibh rud a áitiú ort agus é de chumas acu é a dhéanamh ar chéad bealach, más go híorónta nó go féin-chomhfhiosach féin é.
Is mór an cúnamh don chumarsáid an cultúr céanna a bheith ag na daoine atá i gceist, cé gur minic ráite é nach féidir an mhíthuiscint a sheachaint sa chás sin féin. Tá dlúthbhaint ag an gcumarsáid leis an staidéar atá déanta ag fealsúna agus ag anailísí cultúrtha ar nádúr na gcomharthaí agus na samhailchomharthaí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cumarsáid, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.