Corazon Aquino: Uachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach

Uachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach ab ea Maria Corazon Cory Sumulong Cojuangco Aquino (25 Eanáir, 1933 – 1 Lúnasa, 2009), idir na blianta 1986 agus 1992.

Tugtar "Máthair an Daonlathais" uirthi, agus ba ise an chéad bhean a bhí ina huachtarán sa tír seo, nó in aon tír eile san Áise.

Infotaula de personaCorazon Aquino
Corazon Aquino: Saol, Tagairtí
Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) María Corazón Sumulong Cojuangco
Beathaisnéis
Breith25 Eanáir 1933
Paniqui, Na hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Lúnasa 2009
76 bliana d'aois
Makati, Na hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse cholaireictach)
Áit adhlacthaManila Memorial Park Sucat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Corazon Aquino: Saol, Tagairtí 11 Uachtarán na nOileán Filipíneach
25 Feabhra 1986 – 30 Meitheamh 1992
← Ferdinand MarcosFidel V. Ramos → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síSt. Scholastica's College (en) Aistrigh
Far Eastern University (en) Aistrigh
College of Mount Saint Vincent (en) Aistrigh
Ollscoil Ateneo de Manila Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Tagálaigis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí ar son chearta an duine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Liobrálach na nOileán Filipíneach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Tagálaigis
Teaghlach
CéileBenigno Aquino Jr. Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBenigno Aquino III, Pinky Aquino-Abellada, Ballsy Aquino-Cruz, Kris Aquino, Viel Aquino-Dee Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJosé Cojuangco  agus Demetria Sumulong
SiblínJosephine C. Reyes agus Jose Cojuangco, Jr.
Síniú
Corazon Aquino: Saol, Tagairtí

Suíomh gréasáincoryaquino.ph Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 55711d42-3d3a-4c61-aa7b-7340b9358db2 Find a Grave: 40109083 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol

Chuaigh Aquino isteach sa pholaitíocht don chéad uair nuair a feallmharaíodh a fear céile, an Seanadóir Benigno Aquino, Jr. (1932–1983), agus é ag iarraidh deireadh a chur le ceannasaíocht uathlathach an Uachtaráin Ferdinand Marcos.

Toghchán 1986

Cé nach raibh aon taithí polaitiúil aici agus nach raibh inti ach bean tí simplí, mar a dúirt sí féin, d'éirigh sí chun a bheith mar an duine ba shuntasaí sa ghluaiseacht in aghaidh Marcos. Chuaigh sí isteach san iomaíocht mar iarrthóir sna toghcháin uachtaránachta sa bhliain 1986.

Nuair a chaill Aquino an toghchán Uachtaránachta, bhí formhór mór na bhFilipíneach den tuairim go raibh torthaí na vótála cóirithe ag Marcos. D'éirigh cuid de na fórsaí armtha amach in aghaidh Marcos, agus fuair siad tacaíocht na sibhialtach, a chuaigh amach sna sráideanna ag agóidíocht.

Sa deireadh thiar thall, b'éigean do Marcos an tír a fhágáil, agus gaireadh Uachtarán de Corazón Aquino.

Corazon Aquino: Saol, Tagairtí 
Insealbhú, 1986

Fógraíodh Marcos mar bhuaiteoir, ach tuairiscíodh go raibh calaois toghcháin ag baint leis, agus insealbhaíodh ina huachtarán í tar éis "réabhlóid" síochánta.

Fuair Aquino ainmniúchán do Duais Nobel na Síochána sa bhliain seo, agus roghnaíodh í mar "Bhean na Bliana" san iris Time.

Corazon Aquino: Saol, Tagairtí 
1986

Uachtaránacht

In huachtarán di, cuireadh an daonlathas ar ais i bpolaitíocht na tíre. Dréachtaíodh bunreacht nua a chuir srianta ar chumhachtaí an uachtaráin agus a chuir béim níos mó ar shaoirsí shibhialta.

Ag an am céanna, chuir iarrachtaí ón airm éirí amach a dhéanamh go mór isteach ar a théarma mar uachtarán, rud a chuir stad le filleadh iomlán ar shocracht pholaitiúil agus ar fhorbairt gheilleagrach.

An freasúra

I ndiaidh na réabhlóide seo féin - Réabhlóid EDSA, mar a thugtar uirthi (is ionann EDSA agus Epifanio de los Santos Avenue, an tsráid is mó i Mainile) - níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí na tíre. Nuair a bhí Aquino ina hUachtarán, bhí iar-lucht leanúna Marcos ag bagairt coup d'état uirthi ó am go ham.

Corazon Aquino: Saol, Tagairtí 
2003

Na treallchogaithe Cumannacha a bhí ag troid go brúidiúil faoin tuath ó laethanta Marcos anuas, níor éirigh siad as an gcath i ndiaidh Réabhlóid EDSA, agus mar aisfhreagra, tháinig gluaiseacht fhoréigneach fhrith-Chumannach, Alsa Masa[1], ar an bhfód agus í ag ionsaí is ag marú daoine éigiontacha go minic ar an tsiocair gur "Cumannaigh" a bhí iontu.

Níos déanaí, thosaigh an mionlach Moslamach féin ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas agus dreamanna treallchogaíochta a chur ar bun.

Bás

Bhí Aquino ag fulaingt le hailse le tamall fada, agus déag sí dá bharr ar an 1 Lúnasa, 2009.

Corazon Aquino: Saol, Tagairtí 
2009

Tagairtí

Tags:

Corazon Aquino SaolCorazon Aquino TagairtíCorazon Aquino1 Lúnasa1933200925 EanáirPoblacht na nOileán FilipíneachUachtarán

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

CéachtaPríomhleathanachAn Bhealarúis i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓgRiail an OchtréidAn Coiste um chúrsaí Digiteacha, Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS)Súil AmháinIMLÉCoimisiún na TeorannGnó2024Meáin chumarsáideUshmushSan MairíneAn BhealarúisDara Comhairle VatacánachLeamhanVirgin Media TwoAn tAntrascAn RúisAontas na nÉimíríochtaí ArabachaSlat na rígheAn FhraincAriana GrandeStiúrthóir scannánCeirtlisRíomhaireVanuatúGaeilgePlána (crann)Seoirse V na Ríochta AontaitheMíl EspáineSochtheangeolaíochtDaon-Phoblacht na SínePlandaCócaireachtCill ÉinneSinn FéinWayback MachinePriontaíochtIlteangachasGormHuartanTuaisceart ÉireannAn ChéadaoinDara Cogadh DomhandaKneecapLéinte GormaGaiscíochIonradh na Rúise ar an ÚcráinEolaíocht shóisialtaCeolSeandálaíochtAn Márta1920Cill ChornáinCoiste Pléimeannach na FrainceUimhreacha aiceantaApple Inc.Thomas MoreGaeilge na MumhanBairéinUigiúraighBrabhsálaí GréasáinIonsaí diúltaithe seirbhíseSéarlas SaontaBrandenburgBéisingÉire🡆 More