Is éard atá i gceist le comhpháirtíocht gnó ná gnó atá eagraithe ar shlí go mbíonn beirt chomhúinéirí nó níos mó i mbun gnólachta.
Bíonn fiachas neamhtheoranta ag an comhpháirtíocht. Ciallaíonn sé seo go dtiocfadh leo airgead s’acu a chailleadh dá dteipfeadh ar an ghnólacht. Má tá airgead le tabhairt ar ais ag an ghnólacht – chuig an bhanc, mar shampla, caithfidh na húinéirí é seo a íoc, fiú dá mbeadh orthu teach s’acu féin a dhíol nó rudaí eile atá acu atá fiúntach. Dá mbeadh an locht ar dhuine amháin go bhfuil siad i dtrioblóid, bheadh ar gach duine íoc.
Bíonn comhpháirtíochtaí coitianta ag ceirdeanna – cosúil le dochtúirí, dlíodóirí, srl. – níl cead acu teorainn a chur le fiachas s’acu – níl cead acu teorainn a chur ar an mhéid airgid a thiocfadh leo a chailleadh.
Tagann airgeadas óna gcuid acmhainní féin, deontais ón rialtais, ó iasachtaí bainc agus ó infheisteoirí, in amanna.
Ní chuireann na comhpháirtíochta sonraí a ngnó ar fáil go poiblí.
De réir an dlí sa Ríocht Aontaithe, thig le 2 – 20 a bheith sa chomhpháirtíocht, agus níos mó in Éirinn.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Comhpháirtíocht Gnó, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.