Clann Mhíle

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, an cine deireanach a tháinig mar lonnaitheoirí go hÉirinn ab ea an Chlann Mhíle, nó na Gaeil féin.

Tá siad ainmhithe as Míl Espáine, an leagan Gaeilge de Miles Hispaniae as Laidin.

Clann Mhíle
"The Coming of the Sons of Miled", Teacht Mhic Mhíle, léaráid le J. C. Leyendecker in Myths & Legends of the Celtic Race le T. W. Rolleston, 1911

Tháinig siad go hÉirinn ón Ibéir, tar éis céadta bliana caite acu ar muir, ag taisteal ar fud an domhain. Agus iad tagtha i dtír in Éirinn, bhuail siad leis na Tuatha Dé Danann, agus chuadar i mbun cogaidh. I ndeireadh na dála, roinn an dá dhream an tír eatarthu: an Chlann Mhíle i réim sa domhan thuas, agus na Tuath Dé fothalamh thíos san Alltar. Creidtear inniu gur bréagstair atá i gceist anseo, cumtha ag na manaigh Chríostaí i rith na meánaoise.

Miotas

Insítear sa Leabhar Gabhála na hÉireann, scríofa ag manaigh Chríostaí sa 11ú haois, go bhfuil an cine daonna síolraithe ó Adám trí mhic Naoi, agus gurbh é sinsear na nGael é ná rí na Scitia, Fénius Farsaid de shliocht Japheth mac Naoi. Deirtear gurbh ar cheann de na 72 taoiseach é Fénius a thóg an Túr Bháibil. Phós a mac Niul iníon fharó na Éigipte, darbh ainm Scota, agus bhí mac acu darbh ainm Goídel Glas (Gaedheal, Gael). Chum Goídel na teangacha Gaelacha as an dá theanga is seachtó a tharla i ndiaidh mhearbhall na dteangacha.

D'fhág muintir Goídil, na Gaeil féin, an Éigipt agus na hIosraeilítigh á fágaint (An tEacsadas), agus lonnaigh siad sa tScitia. Tamall ina dhiaidh, d'fhágadar an Scitia agus chaitheadar 340 bliain ar siúil ar domhain, ag fulaingt sraith deacrachtaí agus cor casta, maraon leis na hIosraeilítigh (agus iad ach 40 bliain san fhásach). I ndeireadh na dála, shroich siad an Ibéir agus chloígh siad í. Bhunaigh sliochtach Ghoídil, Breogán, cathair darbh ainm Brigantia. Thóg sé túr ann, agus óna bharr fuair a mhac, Íth, spléachadh ar Éirinn. Is ionann Brigantia agus A Coruña i nGalicia (aitheanta tráth mar Brigantium) agus is amhlaidh gurbh ionann túr Bréagáin agus Túr Earcail, tógtha in A Coruña ag na Rómhánaigh.

Sheol Íth agus buíon fear go dtí an t-oileán, agus cuireadh fáilte roimhe ag triúr ríthe na Tuatha Dé Danann, Mac Coill, Mac Cécht agus Mac Gréine. Maraíodh Íth ag ionsaitheoir anaithnid agus d'fhill a mhuintir ar ais go dtí an Ibéir.

Agus an t-ochtar mac de nia Íth, Míl Espáine (céadainm Galamh), i gceannas, chuaigh arm ionróirí chun díoltas an bhaint as a bhás agus Éire a chloí. Tar éis dóibh teacht i dtír, throid siad in éadan na dTuath Dé agus thug siad aghaidh ar Theamhraigh, an chathair ríoga. Ar an mbealach ann, bhuail siad ar shléibhte éagsúla le Banbha, Fódhla agus Ériu, triúr ban chéile de ríthe na hÉireann agus trébhandéithe na tíre. Gheall gach bean dea-rath ar na Gaeil, dá n-ainmneofaí an tír astu, agus gheall Amhairghin, file na nGael, go mbeadh mar a iarradar.

Ag Teamhraigh, bhuail siad leis an triúr ríthe, a chosain a mhaíomh ar an ríogacht. D'iarr siad ar sos cogaidh trí lá, agus i rith an ama seo, b'éigean do na Gaeil fanacht amuigh ar muir ar fad naoi dtonn. Thoiligh na Gaeil, ach a luaithe a raibh a mbáid naoi dtonn ón tír, mhúscail na Tuath Dé gaoth mhór a chuir bac orthu teacht ar ais i dtír. D'aithris Amhairghin dán ámh agus chiúnaigh sé an ghaoth. D'fhill na báid a tháinig slán ar ais i dtír, agus d'aontaigh an dá dream Éire a roinnt eatarthu. Thóg na Gaeil an domhan thuas, agus thóg na Tuath Dé fothalamh thíos (.i. an t-Alltar) agus chuaigh isteach sna sidhe, na tuamaí ársa le feiceáil ar fud na tíre.

Roinn Amhairghin an ríogacht idir Éireamhón sa tuaisceart agus Éibhear Fionn sa deisceart. Is amhlaidh gur bréag stair í an roinn seo, cumtha chun roinn na tíre sa 7ú/8ú haois idir Teamhair agus Caiseal a mhíniú agus a chosaint. Rianaíonn an Leabhar Gabhála sinsearacht ríshleachta na hÉireann ar ais go dtí na Gaeil de mhuintir Mhíl Easpáine, amhail is Éireamhón agus Éibhear. Creideann scoláirí an lae inniu ámh nach bhfuil ann ach carachtair bhréagacha, um tuilleadh dlisteanachta a bhronnadh ar ríshleachta na meánaoise.

San Historia Brittonum, a scríobhadh roimh an Leabhar Gabhála, insítear scéal eile faoi Chlann Mhíle. Deirtear gur sheol triúr mac de shaighdiúr na Spáinne ón Ibéir go hÉirinn i dtríocha bád agus tríocha ban i ngach ceann acu. Chonaic siad túr déanta as gloine i lár na mara agus fir ag a bharr, ach níor fhreagaíodar nuair a glaodh orthu. Rinne an chlann Mhíle an túr a ghabháil ach chuir tonn mhór gach bád nach mór go tóin poill. Níor tháinig ach bád amháin slán i dtír, agus is sinsir na nGael iad a phaisinéirí. Sa Leabhar Gabhála, is é muintir Neimhidh a bháigh ag iarraidh an túr a ghabháil.

Anailís

Creideann scoláirí an lae inniu gur bréagstair é an scéal nach mór, cumtha ag scríbhneoirí Críostaí na meánaoise. Bhí sé ag iarradh na Gaeil a nascadh le dreamanna agus imeachtaí an tSean-Tiomna, agus um miotais phágánacha dhúchasacha agus an Chríostaíocht a thabhairt le chéile. Spreagadh iad le bréagstairí Críostaí eile na meánaoise, amhail is Stair in aghaidh na bPagánach le sagart na Gailísise, Paulus Orosius, Croinic le Naomh Iaróm (Jerome, Diarmaid), agus saothair le hIsidoro.

D'fhéadfadh an maíomh gurbh í an Ghailís san Ibéir í áit tsinsearachta na nGael a bhunú ar roinnt fianaise:

  • cosúlacht na n-ainmneacha Ibéir agus Hibernia, agus idir Gailís agus Gael. Rinne bréagstaraithe na meánaoise maíomh mar an gcéanna maidir le náisiún eile, bunaithe ach amháin ar a n-ainmneacha.
  • cur síos le hIsidoro ar an Iberia mar "máthair[tír] na gciníocha". Ba mhór-spreagadh iad saothair Isidore do scríbhneoirí an Leabhar Gabhála.
  • cur síos le hOrosius ar Éirinn bheith ina luí "idir an Ibéir agus an Bhreatain". Cheap an staraí Rómhánach Tacitus chomh maith mar an gcéanna. Tugann John Carey faoi ndeara, má cheaptaí go raibh an Ibéir an áit ar an mór-roinn is giorra d'Éirinn í, go mbeadh sé intuigthe a mhaíomh "gur fhoinse na n-ionróirí ó thíortha thar lear í".
  • teanga Q-Ceilteach na n-ionróirí, ní P-Ceilteach, maraon le Gaeilge í féin.

Oidhreacht

Ar feadh na gcianta, d'eagraíodh miotas Chlann Mhíle um dlisteanacht polaitiúil a bhua agus a chosaint. Mar shampla, ina leabhar Two bokes of the histories of Ireland (1571), rinne Edmund Campion iarracht an miotas a agairt chun cearta ársa a mhaíomh le haghaidh riail rí na Breataine in Éirinn. In A View of the Present State of Ireland, ghlac agus dhiúltaigh Edmund Spenser codanna éagsúla den mhiotas, chun dímheas a léiriú ar na Gaeil chomh maith le coilíniú Sasanach na hÉireann san 1590í a chosaint.

Luadh an miotas i rith Iomarbhágh na bhFileadh, a mhair ó 1616 go 1624. Bhí aighneas nimhneach ann faoi buanna an dá leath d'Éirinn a bhí i réim ag an am: an tuaisceart, air a raibh muintir Éireamhón i gceannas; agus an deisceart faoi cheannas mhuintir Éibhir

Sa leabhar Foras Feasa ar Éirinn, scríofa le Seathrún Céitinn c. 1634, déantar tagairt ar an miotas chun dlisteanacht mhaíomh na Stuart ar údarás ríoga in Éirinn, bunaithe ar an Lia Fáil. Léirigh sé gur de shliocht Naoi agus sa bharr Adám é Charles I, trí Bhrian Bóramha, Éibhear agus Galamh.

Sa ré luath-nua-aimsire, theith go leor Éireannach go dtí An Spáinn de bharr suaitheadh polaitiúil agus míleata ina dtír dhúchais. Chreidtí sa Spáinn maraon le hÉirinn gur de shliocht Mhíl Espáine ab ea na Gaeil, agus dá bharr, bronnadh ar na Gaeil gach ceart agus buntáiste dlite do ghéillsinigh na Spáinne.

I measc scéalta bhunúis den Lia Fàil na hAlban, mhol an dlíodóir Albanach Baldred Bisset gur iompaigh Scota, bean chéile Ghoídil Ghlais, an chloch ón Éigipt ársa tríd an Ibéir go hÉirinn. De réir Bisset, rinne Scota agus buíon gaiscíoch ionradh ar Albain, ag tógáil léi a cloch ríoga. I ndeireadh na dála, choigistigh Rí Éadbhard I na Sasanach í. Moltar go bhfuil gaol idir an chloch úd agus Lia Fáil na Teamhrach, a d'úsáidtí mar Chloch Insealbhaithe d'Ard-Ríthe na hÉireann.

Craobh ghinealaigh

 
Adám
 
 
 
 
 
Naoi
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Japheth
 
Séam
 
Hám
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Magog
 
Gomer
 
 
 
 
 
Baath
 
 
 
 
 
Fénius Farsaid
 
 
 
 
 
Niul
 
Scota
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Goídel Glas
 
Scota
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Agnoman
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Lámfhind
 
Allot
 
Caicher
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Éber Glúnfhind
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Brath
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Breogán
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Bíle
 
 
Íth
 
 
 
 
 
Galamh, Míl Easpáine
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Éibhear Fionn
 
Éibhear Donn
 
Éiremhón
 
Ir

Féach freisin

  • Gallaeci

Tagairtí


Réamhtheachtaí
Tuatha Dé Danann
Lonnaitheoirí miotasacha na hÉireann
ACM 1700 RC
FFE 1287 RC
Comharba
none

Tags:

Clann Mhíle MiotasClann Mhíle AnailísClann Mhíle OidhreachtClann Mhíle Craobh ghinealaighClann Mhíle Féach freisinClann Mhíle TagairtíClann MhíleGaeilLaidinLeabhar Gabhála na hÉireannMíl Espáine

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Galar séirimAiltireachtLéamarAn GhealachCumann Rugbaí na hAlbanAn TéaváinGrowing PainsPáirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 20241816GlaschúAiden McGeady1899Simon HarrisBéarlaCluain TarbhCumarsáidJermaine JenasBeochanRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannBRICSSéamus Barra Ó SúilleabháinSamhail Tagartha OSIRothaíochtFrozen (scannán 2013)Martin LandauNa Cruithnigh16 Meán FómhairDamhsaAn tSualainnAigéad hidricianachÉirí Amach na CáscaStair na hIaráineEsperantoJosé Vicente ConchaEyvind JohnsonLeathanach gréasáinHarry StylesBogearraí saoraContae ChiarraíMatamaiticeoirContae Dillon, Carolina TheasToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2020Agairg na gcuileannaTeicneolaíochtComhéadan grafach úsáideoraBlaaJamie RaskinTamocsaifeinAn IoruaSam WorthingtonVicipéidLeabharAn GhailísisCamfarLitríocht na Rúise2024Die Verwandlung (An Claochlú)Oisín MacMP3An GhréigisAn Domhan1909CíochSéamus Ó ConghaileLiosta daoine as ÉirinnBacstaíLiosta teangachaFáilte an AingilIarthuaisceart-Lár na Tíre (toghcheantar na hEorpa)LPGACatalaíoch🡆 More