Réalta athraitheach a n-ascalaíonn a gile thar thréimhse 1-50 lá, díreach i gcomhréir lena sainmhéid, agus a gile ag fad caighdeánach amach uaithi.
Is ionann a méid fhollasach agus cé chomh geal is a dhealraíonn sí. Más féidir luach a chinneadh don tsainmhéid ón tréimhsiúlacht seo agus má thomhaistear an ghile fhollasach, is féidir fad na réalta amach uainn a ríomh. Tá réalta mar seo iontach áisiúil chun na faid go dtí réaltraí atá gar dúinn a dhéanamh amach agus scálaí faid sa Chruinne a aimsiú. Ar an drochuair, ní féidir é seo a dhéanamh i gcás na réaltraí i bhfad uainn de bhrí go bhfuil an solas uathu chomh lag sin. Tá na faid go dtí réaltraí i bhfad níos faide amach intomhaiste le spásteileascóp Hubble, atá i bhfithis 170 km os cionn na talún.
Ceifid | |
---|---|
Cineál | cineál reann neimhe |
Eapainm | Delta Cephei |
Catalóga réalteolaíochta | |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceifid, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.