Cath Thaobh An Bhogaigh

Tharla Cath Thaobh an Bhogaigh idir 12-14 Lúnasa 1969 i nDoire.

Bhí ina chogadh dearg idir péas Dhoire agus na náisiúnaithe áitiúla. Bhí an chuid ba mhó den troid ann i gceantar Caitliceach na cathrach - "Taobh an Bhogaigh".

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Thaobh an Bhogaigh
 55°00′N 7°18′W / 55°N 7.3°W / 55; -7.3
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Trioblóidí agus 1969 círéibeacha Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse12 - 14 Lúnasa 1969
SuíomhDoire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Cath Thaobh An Bhogaigh
píosa dealbhóireachta i Hannover, An Ghearmáin inniu, le H. J. Breuste

Cé go raibh Doire ciúin ar feadh tamaill ina dhiaidh an 12-14 Lúnasa, thosaigh trioblóid i roinnt bailte eile agus, go háirithe, i mBéal Feirste, áit a raibh borradh faoi leith faoin fhoréigean sheicteach.

Measann staraithe gur pointe an-tábhachtach é Lúnasa 1969 i stair na ‘dTrioblóidí’. Sa deireadh thiar thall, mar thoradh, rinneadh an tIRA a athbheo.

Cath Thaobh An Bhogaigh
Doire "saor"

Cúlra

Cath Thaobh An Bhogaigh 

Bhí an choimhlint idirphobail ag dul chun olcais sa bhliain 1968 ar aghaidh, ach má bhí, chuaigh sí ó smacht ar fad nuair a d'ionsaigh na Dílseoirí mórshiúl Chumann na gCeart Sibhialta ar Dhroichead Bhun Tolaide i gContae Dhoire ar 4 Eanáir 1969. Lochtaíodh Constáblacht Ríoga Uladh, ó nach raibh siad ábalta ná sásta lucht na máirseála a chosaint. Ina dhiaidh sin, chrom na Caitlicigh i nDoire agus i mBéal Feirste ar bharacáidí a thógáil.

Thosaigh an foréigean i mBéal Feirste ar dtús agus ba luath gur leathnaigh sé amach go Doire. I mBéal Feirste cuireadh tithe trí thine - dílseoirí ba mhó a bhí i mbun na gníomhaíochta seo.

Imeachtaí

Ar 12 Lúnasa 1969, bhris foréigean i nDoire amach tar éis mháirseáil de chuid na bPrintísigh. B'é ba chúis leis an gcath ná an bruíonachas a phléasc amach idir muintir Thaobh an Phortaigh agus Printísigh Dhoire, a bhí díreach ag iarraidh a gcuid máirseála féin a dhéanamh thart le Taobh an Bhogaigh, in aice le ballaí na cathrach.

Ansin rinne iarracht na póilíní a choinneáil amach ó thaobh Caitliceach an Bhogaigh. Chuir sé sin tús le scliúchas trí lá ar a dtugtar "Cath Thaobh an Bhogaigh".

Bhí an CRU ag glacadh páirte freisin, agus iad ag troid ar aon taobh leis na Printisigh.

Rialtas sa deisceart

D’eisigh Seán Ó Loingsigh, Taoiseach na Poblachta, ráiteas ag léiriú mhéid a bhuairimh faoin staid seo agus bhog sé saighdiúirí agus otharlanna machaire go dtí an teorainn. Dúirt séː

"Is léir nach bhfuil smacht ag rialtas Stormont níos mó . . . is léir fosta nach féidir le rialtas na hÉireann seasamh siar agus fanacht go díomhaoin nuair atá daoine neamhurchóideacha á ngortú agus b’fhéidir níos measa fiú."

Chuir sé seo leis an teannas.

Na meáin

Rinneadh tuairisciú forleathan ar na imeachtaí sna meáin idirnáisiúnta don chéad uair, Níorbh é seo an chéad uair dá leithéid tarlú ná gar dó. Ach an babhta seo bhí ceamaraí i láthair. Chonaic an domhan ar fad radharcanna de phóilíní de chuid an CRU agus na B-Speisialtaigh ag tabhairt bascadh don phobal Caitliceach.

Thaistil Bernadette Devlin M.P., 22 bliain d;aois ag an am, go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar chas sí le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus ar thugadh eochracha chathair Nua-Eabhrac di. Thug sí na heochracha sin do Páirtí na bPantar Dubh. Ach nuair a tháinig sí ar ais go Tuaisceart Éireann, gabhadh í agus cuireadh pionós sé mhí i bpríosún uirthi mar gheall ar an ról ar ghlac sí i gCath Thaobh an Bhogaigh.

Cath Thaobh An Bhogaigh 
Bernadette Devlin M.P., 22 bliain d;aois ag an am

Críoch

Níor mhair Cath Thaobh an Bhogaigh ach 50 uair an chloig. Faoi dheireadh socraíodh an cheist trí thrúpaí a úsáid ar shráideanna Thuaisceart Éireann den chéad uair.

D'iarr Rialtas Thuaisceart Éireann ar Rialtas na Ríochta Aontaithe saighdiúirí de chuid Arm na Breataine a chur ar garastún sa stáitín leis an tsíocháin a choimeád. B'fhéidir gur freagra a bhí ann ar na luaidreáin go raibh rialtas Phoblacht na hÉireann ag pleanáil ionsaí míleata leis na ceantair Chaitliceacha i nDoire a chosaint.

Ag 5.15pm, ar 14 Lúnasa, cuireadh an Prince of Wales' Own Regiment anonn leis an dlí agus an tsíocháin a choinneáil i ndiaidh dhá lá achrainn agus scliúchas, cuireadh saighdiúirí Briotanacha i nDoire chun riail agus reacht a chaomhnú ag 5pm ar.

Ar dtús, d'fháiltigh na Náisiúnaithe go croíúil roimh na saighdiúirí, ó bhí siad muiníneach go mbeadh an tArm ní ba neodraí agus ní ba chothroime ná na péas. Fuair na saighdiúirí, fiú, ceapairí agus tae ó na Caitlicigh. De réir a chéile, áfach, chuaigh an caidreamh idir an tArm agus na Caitlicigh chun donais, ó bhí na saighdiúirí róbhrúidiúil.

Iarmhairtí

Níor mhair Cath Thaobh an Bhogaigh ach 50 uair an chloig ach d'fhág sé éiginnteacht agus imní ina dhiaidh.

Thug an cath i nDoire spreagadh do chíréibeacha in áiteanna eile, cosúil le Béal Feirste, Iúr Chinn Trá, agus an Srath Bán ón 14 Lúnasa 1969 ar aghaidh. Ar an lá sin, maraíodh seisear, ina measc buachaill naoi mbliana d'aois ina theach féin i dTúr Divis, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Thosaigh an t-achrann le mórshiúlta a bhí ag fógairt dlúthpháirtíochta le muintir Thaobh an Bhogaigh; ansin, caitheadh pléascán láimhe le stáisiún na bpéas, agus dá thoradh sin, chuaigh na cúrsaí i bhfairsinge.

Le díoltas a agairt ar na Caitlicigh as an mbuamáil, chuaigh Constáblacht Ríoga Uladh i dtuilleamaí gluaisteáin armúrtha a raibh meaisínghunnaí feistithe orthu le patról a dhéanamh. D'ionsaigh na sluaite de Dhílseoirí ceantair Chaitliceacha, agus chuir siad trí thine an chuid ba mhó de Shráid Bombay, Sráid Madrid agus sráideanna Caitliceacha eile. D'áitigh na Náisiúnaithe go raibh an Chonstáblacht ag tabhairt tacaíochta do na Dílseoirí le linn na gcíréibí seo, nó, ar a laghad, go raibh na péas ag déanamh neamhshuime de choireanna na bProtastúnach.

Bhí na Náisiúnaithe ag lochtú an IRA chomh maith, toisc nach raibh cosaint ar bith ann don phobal Chaitliceach le linn na dtrioblóidí i Lúnasa 1969. Fuair seachtar Caitliceach bás sna scliúchais seo, goineadh timpeall is seacht gcéad go leith, agus ruaigeadh 1505 theaghlach Caitliceach as baile - beagnach cúig oiread níos mó ná iomlán na bProtastúnach a bhí sa chruachás céanna. Dúirt sagart Caitliceach amháin gurbh é an chiall a bhain a chuid paróisteánach as na litreacha sin IRA ná I Ran Away, "d'éalaigh mé liom".

An freagra polaitiúil

Cúpla lá níos déanaí, gheall rialtas na Breataine athleasuithe, de réir preasráiteas Forógra Shráid Downing, ar an 19 Lúnasa.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Cath Thaobh An Bhogaigh CúlraCath Thaobh An Bhogaigh ImeachtaíCath Thaobh An Bhogaigh IarmhairtíCath Thaobh An Bhogaigh Féach freisinCath Thaobh An Bhogaigh TagairtíCath Thaobh An Bhogaigh14 Lúnasa1969Cathair (lonnaíocht)DoireEaglais Chaitliceach Rómhánach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Aois na FaisnéiseAn tSiriaMaignéisiamScéim Aistriúcháin an GhúimMeileatoininLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (An Mhí)HTMLRíomhthráchtáilLouis Pasteur19052023Roger EbertAlltarBaile StrudairAbhainn an ScáilBritt EklandForas Gnó na hÉireannSerena Williams1935 sa scannánGarraí Uí ChinnéideAl-QaedaFioscaireachtSéamus Ó ConghaileBeacánHolagrafaíochtAer LingusNaitsíochasStelios KyriakidesKim Il-sungAn Phalaistín ShainordaitheachStonewall JacksonÁithGánaToni Collette19901844An BéarlaMike McCreadyAndrew SachsMajidaeÓrang-útanÉire agus an Bhreatain MhórMastódónMatthew HusseyHearóinAn IodáilisHelen FlanaganAn RúisIlteangachasHakainde HichilemaSimon HarrisAirm núicléachaLá Fhéile VailintínStephanie BeatrizDamba HooverUlchabhán SoumagneBruno MadernaDannii MinogueOxfordPádraig Ua DuinnínIonradh na Rúise ar an ÚcráinErich FrommHomerlandAlascaÉiteHipearnascAstaitínSeoladh IPAn tAontas EorpachSóidiamBratachPark Ji-SungComhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Caisleán RiabhachCiclipéid🡆 More