Gníomhaíocht nó beartas gnó a mbeadh riosca coibheasach nó substaintiúil ag baint leis is ea caipiteal fiontair.
Tá tacaíocht ar leith ag roinnt Ballstát san Aontas Eorpach don chaipiteal fiontair, scéimeanna a bhfuil rialacha ag gabháil leo maidir le comhdhéanamh punainne, teicnící infheistíochta agus spriocanna infheistíochta.
Níl córais ar leith den chineál sin ag formhór na mBallstát, áfach, agus is é an chaoi a ndéanann siad rialacha ginearálta a bhaineann le dlí na gcuideachtaí agus oibleagáidí i leith réamheolairí a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí gach bainisteora ciste ar mian leis 'láithrithe príobháideacha' caipitil fiontair a thairiscint ar dhlínse na mBallstát sin.
I gcomparáid le lárionaid ardteicneolaíochta agus nuálaíochta atá in iomaíocht leis, go háirithe na Stáit Aontaithe, tá tionscal caipitil fiontair na hEorpa ilroinnte agus scaipthe. Fágann an ilroinnt agus an scaipeadh sin go mbíonn drogall, drogall a bhfuil tábhacht staidrimh ag baint leis, ar infheisteoirí infheistiú a dhéanamh i gciste caipitil fiontair.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Caipiteal fiontair, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.