Is criptea-airgeadra é bitcoin, agus córas íocaíochta ar líne (siombail: ₿ giorrúchán: BTC nó XBT).
As na mílte criptea-airgeadraí ar fad atá ann, is ar bitcoin is fearr aithne.
Críocha infheidhme | |
---|---|
Tréithe | |
Giorrúchán nó siombail | ₿ |
Banc ceannais | luach ar iarraidh |
Ráta malairte | |
Croineolaíocht | |
3 Eanáir 2009- | |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | bitcoin.org |
Taifeadtar íocaíochtaí i gclárleabhar poiblí ar a n-úsáidtear aonad cuntas ar a dtugtar bitcoin freisin. Uaireanta, úsáidtear ceannlitir don chóras (Bitcoin) agus cás beag don aonad cuntais (bitcoin).
Foilsíodh an coincheap faoin ainm Satoshi Nakamoto sa bhliain 2008 agus cuireadh ar siúl é mar bhogearraí foinse oscailte an bhliain ina dhiaidh sin.
Cuirtear na híocaíochtaí i gcrích idir comhghleacaithe gan stór lárnach ná stiúrthóir ar bith, rud a spreag Státchiste SAM chun "airgeadra fíorúil díláraithe" a thabhairt ar an bitcoin. Níl gach duine ar aon tuairim faoi stádas an bitcoin mar airgeadra. Is minic a thagraítear ar na meáin dó mar chriptea-airgeadra nó airgeadra digiteach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bitcoin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.