Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Meiriceánach í Billie Eilish Pirate Baird O'Connell ach tá sí aitheanta mar Billie Eilish.
(Nó Billí Eilís as Gaeilge).
Rugadh í ar an 18 Nollaig, 2001 i Los Angeles, California. D’fhoilsigh sí an t-amhrán “Ocean Eyes” ar SoundCloud sa bhliain 2015 agus scríobh sí an t-amhrán i gcomhar lena deartháir, Finneas O’Connell. Is é sin an t-am a thosaigh a gníomhréim agus ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois ag an am. Tá Eilish ar cheann de na réaltaí popcheoil is mó ar an domhan faoi láthair i ndiaidh a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?. Tar éis di a bheith ina guth dá ghlúin, tá billiúin ar billiúin sruthanna ceoil agus beagnach 60 milliún leantóirí ar Instagram aici ag ocht mbliana déag d’aois.
Is bean ildánach í le cúig Dhámhachtain Grammy, dá Dhámhachtainí Ceoil Meiriceánach (Béarla: American Music Awards), dá Churiarracht Dhomhanda Guinness (Béarla: Guinness World Records), trí Dhámhachtainí Ceoil Físe MTV (Béarla: MTV Video Music Awards) agus Dámhachtain BRIT amháin. Is í an duine is óige agus an dara duine riamh chun ceithre chatagóir ghinearálta sna Dámhachtainí Grammy a bhuachan.
Tagann Eilish ó clann de chruthaitheoirí. Bhí clú agus cáil i ndán di mar gheall ar a cumas ceolmhar. Thosaigh sí ag canadh sa chór nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois, agus faoin am a raibh sí aon bhliain déag d’aois, bhí sí ag scríobh agus ag canadh a cuid amhráin féin. Cuireann sí a teicníc ghuthach síos don obair a rinne sí sa chór.
Is í Maggie Baird máthair de na ceoltoirí Finneas agus Eilish. Is amhránaí agus aisteoir í. Scríobh Maggie an scannán Life Inside Out agus bhí páirt aici ann. Is aisteoir é athair Eilish freisin, Patrick O’Connell is ainm dó. Bhíodh sé le feiceáil sna scannáin Iron Man, The West Wing, agus Baskets.Tá Eilish an-mhórtasach as a dúchas Éireannach agus Albanach ó thaobh a hathair agus a máthair. Cuireadh scolaíocht bhaile ar Eilish agus a deartháir óna máthair ach níor chuir sin cosc ar Eilish páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim.
Is é Finneas Baird O’Connell deartháir s’aici agus tá sé ceann dá cuid inspioráidí is mó atá aici. Déanann sé a chuid ceoil féin agus seinneann sé lena bhanna ceoil, The Slightlys. Chomh maith le sin, scríobh agus cruthaigh sé ceol do go leor ceoltóir, Eilish san áireamh. Bhuaigh sé cúig Dhámhachtain Grammy don obair a dhearna sé ar When We All Fall Asleep, Where Do We Go?, an chéad albam a chur Eilish amach.
Rinne Eilish a céad amhrán “Ocean Eyes” a thaifeadadh sa bhliain 2015, nuair a bhí a múinteoir damhsa ag lorg fuaimrian taca dona céad dreas damhsa eile. Bhí an t-amhrán curtha suas ar SoundCloud i 2015 agus tá níos mó ná 35 milliún éisteachta air anois. Shínigh sí conradh le Apple Music in Eanáir 2016 agus bhí socrú déanta aici le A&R, ardán fionnachtain Platoon. Is comhlacht é a gcabhraíonn ceoltóirí nua roimh a dtéann siad ar aghaidh go dtí lipéad ceoil mór. D'atheisigh sí “Ocean Eyes” arís i Márta 2016 le físeán ceoil nua.
Faoi Lúnasa 2016, shínigh Eilish conradh nua leis an lipéad ceoil ‘The Darkroom’, comhlacht a oibríonn le Interscope. Sa bhliain 2017, bhí “Bellyache” an chéad amhrán eile a d’fhoilsigh sí ina dhiaidh “Ocean Eyes” agus canann sí an t-amhrán seo ó thaobh síceapatach de atá faoi choimhlint. D’fhoilsigh sí “Bored” sa bhliain chéanna don tsraith Netflix 13 Reasons Why. D’fhoilsigh Eilish a céad cheirnín leathfhada Don’t Smile at Me le linn an tsamhraidh 2017, le cabhrú óna deartháir Finneas. Bhí naoi n-amhrán éagsúla ar agus bhí “Idontwannabeyouanymore” an dara hamhrán is mó a raibh sreabhtar tar éis “Ocean Eyes”. D’éirigh léi an tríú háit a fháil ar na cairteacha Billboard don Albam Ailtéarnach (Béarla: Alternative Albums) don cheirnín leathfhada.
Chuaigh Eilish ar a céad príomh-chamchuairt domhanda Where’s my Mind? i mí Feabhra 2018, ní raibh sí ach sé bliana déag d’aois. Chomhoibrigh sí leis an amhránaí Meiriceánach Khalid agus d’fhoilsigh siad an chnagshingil “Lovely” i mí Aibreáin 2018. Thuill Eilish áit ar Cairteacha na n-Albam ‘21 Under 21 2018’ don amhrán “Lovely” agus tháinig an chnagshingil amach san 78ú háit ar Cairteacha na n-Albam ‘The Hot 100’. Chomh maith le sin, bhí an t-amhrán curtha ar an fhuaimrian don dara sraith Netflix 13 Reasons Why. D’fhoilsigh Eilish an singil “When’s the Party Over” i mí Dheireadh Fómhair 2018. Tá an t-amhrán bunaithe uirthi agus nuair a fuair sí a croíbhriste. Shínigh sí conradh le Next Models agus beidh ionadaíocht ag an ghníomhaireacht di le haghaidh tacaíocht áilleachta agus faisin.
Chabhraigh Spotify go mór léi agus a gairm cheoil. Bhí a amhrán curtha ar an seinnliosta Spotify ‘Today’s Top Hits’ agus fuair Eilish níos mó éisteoirí dá bharr. Chomh maith le sin, bhí sí an ceoltóir is óige chun billiún sruthanna a fháil ar a ceirnín leathfhada Don’t Smile at Me ag tús an bhliain 2019. D’fhoilsigh sí a tríú singil “Bury a Friend” agus bhain sí uimhir a ceathair déag sna cairteacha Meiriceánach agus uimhir a haon sna cairteacha Briotanach. Tá an t-amhrán léirithe ó pheirspictíocht ollphéist faoin leaba agus spreag sé aeistéitiúil an albaim. Fiú le tacaíocht ó lipéad ceoil, lean Eilish ag scríobh agus ag taifeadadh lena deartháir ina stiúideo sa seomra leapa. Chomh maith le peirspictíocht shonrach Eilish agus le léargas óna deartháir a bhfuil an aithne is fearr aige uirthi, baineann siad toradh deiridh amach atá úr agus sainiúil. Is é anseo a chruthaigh siad a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?. D’fhoilsigh Eilish a céad albam i mí an Mhárta 2019. Chuaigh a céad albam díreach go dtí uimhir a haon sna cairteacha Meiriceánach agus Briotanach agus ní raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois. Is í Eilish an chéad cheoltóir a rugadh san 21ú haois agus a fuair go barr na cairteacha Billboard 200. Bhí 12 de na 13 amhrán ón albam sna cairteacha 'The Hot 100' agus is é sin an ceann is mó riamh do cheoltóir mná. D’fhoilsigh sí an singil “Bad Guys” i bpáirt leis an albam. Chuaigh an t-amhrán díreach go dtí uimhir a haon sna cairteacha 'The Hot 100'.
Thosaigh sí a camchuairt dhomhanda When We All Fall Asleep ag an fhéile Coachella i mí Aibreáin 2019. Rinne sí seasca a sé ceolchoirmeacha ar fud an domhain, an Astráil, an Eoraip agus Meicsiceo san áireamh. Lean an chamchuairt ar aghaidh go dtí mí na Samhna 2019. Chomh maith le sin, rinne sí seó ag an fhéile an Phicnic Leictreach (Béarla: Electric Picnic) i Sráidbhaile i gContae Laoise sa samhradh 2019. Ansin i Meán Fómhair 2019, d’fhoilsigh Eilish camchuairt dhomhanda do 2020, Where do We Go?. Thosaigh an chamchuairt i mí an Márta ach bhí uirthi an chuid is mó de na dátaí a athrú mar gheall ar an ráig den Choróinvíreas sa bhliain 2020. D’fhoilsigh Eilish an singil “Everything I Wanted” i mí na Samhna 2019 agus is ómóis an t-amhrán dá deartháir s’aici, Finneas. Fógraíodh go bhfuil an t-amhrán aitheantais don 25ú scannán James Bond “No Time to Die” scríofa agus léirithe ag Eilish i mí Eanáir 2020. Is í an duine is óige riamh a scríobh an t-amhrán aitheantais do scannán 007. Bhain sí uimhir a haon sna cairteacha Briotanach leis an amhrán sin. Bhuaigh Eilish cúig Grammy, an ceoltóir agus an t-amhrán nua is fearr sa bhliain san áireamh ag na Dámhachtainí Grammy 2020. Chomh maith le sin, is í Eilish an duine is óige riamh a bhuaigh Albam na Bliana do When We All Fall Asleep, Where Do We Go?.
Thosaigh Eilish amach ar SoundCloud, ardán atá aitheanta do cheoltóirí hip hap DFÉ. Tá go leor stíl cheoil difriúil ag Eilish ó phopcheol go dtí ceol leictreonach go dtí ceol tionsclaíoch agus fiú snagcheol. Éisteann Eilish agus a deartháir Finneas le gach seánra, ó cheol nua go dtí seancheol agus is é sin an fáth go bhfuil stíl éagsúla ag Eilish, dar le Finneas. Cuireann Finneas síos ar a bpróiseas de chumadh amhrán mar ailceimic agus táirgeann sé a gcuid ceoil chun béim a chur ar guth uathúil a dheirfiúr. Déanann daoine comparáid idir Eilish agus Lana Del Rey mar gheall go bhfuil an tuin chéanna acu. Tá stíl ghuthach shoiléir ag Eilish agus canann sí i ráfla balbha, de réir Vox. San agallamh a rinne Eilish leis an iris Rolling Stone, bhí sé léirithe ann go bhfuil a ceol i bhfad níos dorcha ná réaltaí popcheoil sna déaga. Tá a ceol níos mó punc agus gotach agus saghas urchóideach i gcomparáid le réaltaí popcheoil eile. Tá grá agus dúlagar, ardfhaisean agus mearfhaisean, popcheoil agus hip hap le feiceáil i gceol Eilish agus tá na hábhair seo le feiceáil sa tsochaí iar-nua-aoiseach. Tá a ealaíontacht agus a guth ag dul i bhfeidhm ar ghlúin agus tá pearsantacht dá chuid féin ag gach uile amhrán atá scríofa aici.
Taispeánann Eilish a chéad scileanna stiúrtha san fhíseán ceoil “Xanny” sa bhliain 2019. Baineann sí úsáid as a scileanna stiúrtha arís san fhíseán ceoil “Everything I Wanted” a raibh foilsithe i mí Eanáir 2020. Tá an físeán tiomnaithe dá deartháir, Finneas.
D’éist Eilish le banna ceoil cosúil le My Chemical Romance, Linkin Park, Green Day agus na Beatles nuair a bhí sí níos óige. Tharraing sí inspioráid óna bannaí ceoil seo agus tá a gcuid stíl le feiceáil i gceol Eilish. San agallamh a rinne Eilish leis an iris Rolling Stone, dúirt Eilish go raibh sí ag éisteacht le Green Day ó a bhíodh sí naoi mbliana d’aois agus go raibh sí agus a deartháir gafa leo. Bhí tionchar ceoil éagsúla ag Eilish ó Tyler, the Creator agus Earl Sweatshirt go dtí Lana Del Rey agus Amy Winehouse. Is é Tyler an tionchar is mó ó thaobh an cheoil de ag Eilish.
Tá stíl éadach ar leith ag Eilish, caitheann sí éadaí mórá scaoilte. Is fearr léi cultacha reatha atá rómhór le patrún geal a chaitheamh ar stáitse i gcomparáid le réaltaí popcheoil eile sna déaga. Ba í Eilish a chuir tús le ré na saoirse cainte lena stíl éadach féin. Caitheann sí éadaí mar seo ionas nach mbeidh daoine in ann í a oibiachtú nó a thabharfaidh breithiúnas uirthi. Bíonn Eilish ag caitheamh cibé rud is mian léi ionas go mbeidh gach duine in ann gléasadh ar bhealach ar bith is mian leo. Bhí sí go mór i bhfabhar a bheith compordach i do choirp féin. Rinne Eilish fógra le Calvin Klein i 2019, darbh ainm ‘I Speak My Truth in #MyCalvins’ agus an pointe a bhí taobh thiar den fhógra ná chun cosc a chur le náiriú faoin gcorp.
Thosaigh Eilish líne mharsantachta le Takashi Murakami i mí Aibreáin 2019. Tá na héadaí sráide is fearr léi ar fáil sa bhailiúchán, cosúil le geansaí atá san ainmhéid agus t-léinte grafach. Chuir sí a líne mharsantachta ar fáil do pháistí freisin. Thosaigh sí líne mharsantachta leis an chomhlacht H&M i mí Eanáir 2020. Déanta go hiomlán as ábhair inbhuanaithe, tá t-léinte, geansaí atá san ainmhéid, agus hataí corcáin leis a lógó sainiúil orthu sa bhailiúchán éadaí.
Baineann Eilish as a hardán chun labhairt amach i gcoinne na géarchéime aeráide. D’fhoilsigh sí físeán le Woody Harrelson i gcomhar le GreenPeace agus bhí an bheirt acu ag iarraidh níos mó aird a thabhairt ar athrú aeráide. Thosaigh Eilish comhpháirtíocht leis an chomhlacht Global Citizen i mí na Samhna 2019 agus bhí a lucht leanúna in ann ticéid saor in aisce a fháil leis an chomhlacht trí bheith páirteach ina ngluaiseacht timpeallacht. D’fhogair Eilish go mbeidh caomhnú na timpeallachta ar siúl le linn an chamchuairt domhanda 2020 Where Do We Go?. Dúirt sí go mbeidh sí ag cur cosc ar sop plaisteacha, ag iarraidh go dtógfaidh an lucht leanúna a gcuid buidéal uisce féin agus boscaí bruscair athchúrsála a chur i ngach ionad.
Nuair a bhí Eilish sé bliana déag d’aois, d'fhógair sí go bhfuil siondróm Tourette aici agus rinneadh diagnóis uirthi leis an neamhord nuair a bhí sí ina páiste. Chaith Eilish an chuid is mó dá saol mar veigeatóir sular shocraigh sí glacadh go hiomlán le veigeánachas i 2014.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Billie Eilish, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.