File (bard) agus gabha ab ea Dòmhnall Chràisgein (“Dòmhnall MacDhòmhnaill”, “Dòmhnall Dòmhnallach”, “Bàrd Bharbhais”) (1861-1916).
I nGabhsann a rugadh é ach d’aistrigh sé go Dail bho Dheas, i gceantar Nis, Leòdhas, go gairid tar éis do mhuintir Ghabhsann a bheith díshealbhaithe as an mbaile sin. Saoir cloiche a bhí ina athair féin - agus bard - agus bhí Dòmhnall ar scoil i Steòrnabhagh go dtí go raibh sé 18 mbliana d'aois. Ansin chuaigh sé go Deimhidh, ar dheis ar Inbhear Nis, ag obair agus is ann a sheinn sé an chéad amhrán, Òran na Lice .
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1861 Gabhsann a Tuath, Scotland |
Bás | 2 Nollaig 1916 54/55 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, gabha |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
D’fhill sé ar Leòdhas agus chuaigh sé go Barbhas, chun aire a thabhairt dá sheanathair. Bhunaigh sé ceardlann ann. Pósadh faoi dhó é, agus as Barbhas an bheirt bhan. Níor bhain sé cáil amach mar fhile go dtí gur fhill sé ar Leòdhas.
Bhí leanbh amháin ag Domhnall (Fionnlagh) lena chéad bhean. Chuaigh Fionnlagh agus a bhean ar imirce go Manitoba.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bard Bharbhais, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.