Gearrscéal An Tádh: Gearrscéal le Pádraic Ó Conaire

Is gearrscéal le Pádraic Ó Conaire é An tÁdh.

WD Bosca Sonraí LeabharAn tÁdh
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPádraic Ó Conaire Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánragearrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Gearrscéal An Tádh: Gearrscéal le Pádraic Ó Conaire
Pádraic Ó Conaire

Achoimre

Sa ghearrscéal seo, tá an triúr bhuachaillí Pádraic, Séamas agus Micilín ina gcónaí cois farraige agus iad ag iarraidh a chuid dualgaisí a sheachaint agus éalú ón obair.

Bhí siad i bhfolach ar an trá agus fonn seoltóireachta orthu. Ba mhaith leo dul go Garumna go dtí margadh na muc. Thosaigh Pádraic ag smaoineamh ar phlean. Dúirt sé leis na buachaillí eile dul isteach i mbád Tom Beag agus dul i bhfolach sna málaí cosúil le muca. Ar an drochuair, ní raibh spás do gach duine agus bhí ar dhuine amháin fanacht siar. Bheadh ar an duine sin dul isteach le Tom bhig agus a rá go raibh muc bhreise ann.

Bhí a fhios ag Pádraic gurbh é an bealach ab fhearr chun a shocrú cé a d’fhanfadh siar tráithnín a tharraingt. Dúirt sé: “An té a tharraingeoidh an ceann is faide caithfidh sé fanacht siar”. Fuair Pádraic an ceann ab fhaide agus d'fhan siar. Ansin cheangail sé Micilín agus Séamus sna málaí.

Go gairid ina dhiaidh sin tháinig Tom le cúigear táilliúir agus iad lánsásta ag canadh agus ag caint. Ghluais siad agus a n-aghaidh ar an margadh. Bhí Pádraic ag féachaint ina ndiaidh agus aiféala air toisc go gcaillfeadh sé an spraoi. Chuaigh sé a chodladh ar an trá.

Thosaigh sé ag cur go trom agus nuair a dhúisigh Pádraic bhí ar crith le fuacht. D'imigh sé abhaile. Bhuail sé le tuismitheoirí Micilín ar an mbealach agus bhí siad trína chéile. Ní raibh a fhios acu cá raibh sé. D'inis Pádraic an scéal díreach mar a tharla sé agus bhuail abhaile.

Ansin chuala sé faoin tubaiste. Chuaigh an bád go tonn poill agus bádh gach neach beo a bhí ar bord ach muc amháin. Bhí Pádraic bocht croíbhriste i ndiaidh a chairde. Bhí an t-ádh leis an lá sin agus tá tráithnín an áidh fós aige.

Téamaí

Is é an t-ádh príomhthéama an scéil. Is iad na téamaí eile an bás, an t-ádh, an cairdeas, an timpiste agus an óige. Tá cor sa scéal sa mhéid gur dhóigh leat gur ar na buachaillí eile a bhí an t-ádh ar dtús agus iad ag súil le spraoi, ach is ar Phádraic a bhí an t-ádh i ndáiríre, cé nach raibh breith ar a aiféala aige tar éis an tsaoil.


Tagairtí

Tags:

Pádraic Ó Conaire

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Rónán mac ColmáinStairGréasán DomhandaMionsimpeansaíElbaTammi TerrellNimhiú biaMustardTuirbín1Boladh cnisNua-Eabhrac (cathair)Dietrich BonhoefferFiabhrasInnealtóireachtPádraic Ó ConaireGrianchórasAn India1 NollaigBlazin' in BeaulyNovosibirskBeatrix na hÍsiltíreTaighdeAn ÁiseAn EoraipTaiscumarCamille PissarroAn tSean-RóimhEyvind JohnsonCnoc ChorcairLacasdalAn DalmáitStormy DanielsStaidreamhPápa Gréagóir XVAci BonaccorsiTeicneolaíochtBrainsdeanUimhir aiceantaBaskin-RobbinsWilliams Grand Prix EngineeringAnfieldCág1050íGaiscíoch1880 Wimbledon Championship18 AibreánCogadh Iosrael-GazaMarcus Mac ConghailLast Exit to Springfield583Netflix1740Gás nádúrthaVivien LeighAn Fhaiche MhórBratach Stáit Aontaithe MheiriceáLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (An Clár)MorgáisteAn t-ÌochdarBanbh, Contae Obar DeathainMícheál Ó CoileáinDail-bho-DheasMáisiúnachas1480íBeathaOileáin Bhriotanacha na MaighdeanUibhist a DeasSuojeluskuntaClaudio MonteverdiFulham Football ClubLeabharlann Náisiúnta na hAlbanJohn Sullivan (scríbhneoir)Camfar🡆 More