An Mholdóiv

Is tír thalamhiata í an Mholdóiv nó an Mholdáiv, nó Poblacht na Moldóive go hoifigiúil, in Oirthear na hEorpa, suite idir an Rómáin agus an Úcráin.

Is í Císineá príomhchathair na tíre.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Mholdóiv
Moldova (ro) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas
An Mholdóiv
Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLimba noastră Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Discover the routes of life» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPrionsacht na Moldóive Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
An Mholdóiv
 47°15′00″N 28°31′00″E / 47.25°N 28.51667°E / 47.25; 28.51667

PríomhchathairCísineá Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,603,813 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús76.94 hab./km²
Teanga oifigiúilan Rómáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirdheisceart na hEorpa
Oirthear na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla33,843.5 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBălănești Hill (en) Aistrigh (430 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Dnístir (2 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive agus An tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú27 Lúnasa 1991
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Phoblacht na Moldáive Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Moldova (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMircea Snegur (1990–1997) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Moldáive Cuir in eagar ar WikidataDorin Recean (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil13,692,230,147 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadraleu na Moldóive Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.md Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+373 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreMD Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmoldova.md Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhógair an Mholdóiv a neamhspleáchas ar an 27 Lúnasa 1991, mar chuid de dhíscaoileadh an tAontas Sóivéadach. Ghlacadh le Bunreacht na Moldóive i 1994. Tá stráice críocha Moldóvach ar bhruach thoir na habhann Dniester faoi cheannas de facto rialtas Tras-dnístria ó 1990.

Mar gheall ar laghdú i dtáirgeacht tionsclaíochta agus talmhaíochta i ndiaidh díscaoileadh an tAontas Sóivéadach, tá earnáil na seirbhísí tar éis fás agus anois is é os cionn 60% de olltáirgeacht (OTI) na tíre. Tá ceann de na geilleagar is boichte san Eoraip sa Moldóiv.

Is poblacht pharlaiminteach í an Mholdóiv le uachtarán mar cheann stáit agus príomh-aire mar cheannaire rialtais. Is ballstáit í sna Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Domhanda Trádála, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhair san Eoraip (ENASCE) agus Comhlathas na Stát Neamhspleách. Tá sí ag iarraidh a bheith mar bhallstáit san Aontas Eorpach.

Sanasaíocht

Tagann an t-ainm 'an Mholdóiv' ó Abhainn na Moldóive; úsáideadh gleann na habhann seo mar ionad pholaitíochta ag an am inar bhunaíodh Prionsacht na Moldóive i 1359. Níl a fhios againn bunús ainm na habhann. De réir an fhinscéil a d'inis na croiniceoirí Moldóiví Dimitrie Cantemir agus Grigore Ureche, bhronn an Prionsa Dragos an ainm ar an abhainn tar éis gur bheir sé ar áracsanna; i ndiaidh na tóraíochta bádh cú spíonta an Phrionsa, Molda, san abhainn.

Ar feadh tamaill ghairid i rith na 1990idí, ag bunú Comhlathais na Stát Neamhspleách, litríodh ainm Poblacht na Moldóive mar "an Mholdáiv" chomh maith. I ndiaidh déscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, thosaigh an tír ag úsáid an ainm Románaigh, Moldova. Ach bhronn na Náisiúin Aontaithe an t-ainm Poblacht na Moldóive ar an tír.

Stair

Réamhstair

I 2010, fuaireadh uirlisí breochlocha i mBayraki atá idir 800,000 agus 1.2 milliúin bliain d'aois. Taispeánann é seo go raibh luath-dhaoine sa Mholdóiv i rith an tréimhse Pailéiliteach. I rith an Chlochaois Neoiliteach bhí críoch na Moldóive i lár an cultúr Cucenteni-Trypilliach a shín amach soir thar an Abhainn Dniester san Úcráin, agus siar suas go dtí agus thar na Sléibhte Cairp sa Rómáin. Chleachtaigh áitritheoirí an sibhialtacht seo, a bhí ann idir 5500 agus 2750 RC go garbh, talmhaíocht, thóg siad beostoc, bhí siad ag fiach agus rinneadar potaireacht a bhí deartha go fíorchasta.

An Seansaol agus an Mheánaois

Sa seansaol, chónaigh treibheanna Dáiciach i gcríocha na Moldóive. Idir an chéad agus an seachtú aois AD, bhí an deisceart faoi Impireacht na Róimhe agus ansin an Impireacht Bhiosántach. De bharr go bhfuil sí suite ar bealach idir an Eoraip agus an Áise, d'ionsaíodh críocha comhaimseartha na Moldóive go leor sa Seansaol agus sa Meánaois, d'ionsaigh na Gotaigh, na Hungaigh, na hAváraigh, na Bulgáraigh, na Maigiaraigh, na Mongólaigh agus na Tataraigh.

Bhí Prionsacht na Moldóive, a bunaíodh in 1359, suite soir ó na Sléibhte Cairp, siar ó Abhainn an Dnístir agus ó thuaidh ó Abhainn an Danóib agus an Mhuir Dhubh. Bhí críocha Poblacht na Moldóive an lae inniu (seachas an talamh soir ón Dnístir), ocht gcontae oirthearach na Romáine agus na réigiúin Chernvitsi agus Budjak san Úcráin i bPrionsacht na Moldóive. Cosúil le poblacht na linne seo agus réigiún oirthuaisceart na Romáine, ghlaoigh muintir na háite Moldova ar an áit. D'ionsaigh Tataraigh Criméach an Mholdáiv go mion is go minic, agus ó thús an 15ú aois thosaigh na Tuircaigh á ionsú. I 1538, ghlac an Impireacht Otamánach seilbh ar an bprionsacht agus ba chíosaí í ó shin amach, ach choinnigh sí féinriail intíre agus féinrial páirteachtrach.

I mí na Bealtaine 1600, bhain Mícheál an Chróga Ieremia Movilă de choróin na Moldóive trí chath Bacău a bhua, agus chruthaigh sé an chéad aontas de na trí phrionsacht Rómánacha: an Mholdáiv, Wallachia agus an Transalváin. An teideal a úsáídeadh ins an doiciméad ar an 6ú Iúil 1600 ná "Rí na Romáine, Ardeal agus an Mholdáiv ar fad". Níor choinnigh Mícheál smacht ar na trí chúige ach ar feadh bliain amháin sular éirigh aicme uasal na Trasalváin agus roinnt de aicme uasal na Moldáive agus Wallachia amach ina éadan i sraith de réabhlóidí. Chur arm Polannach faoi cheannaireacht Jan Zamoyski an ruaig ar muintir Wallachia ón Mholdáiv agus chloígheadar Mícheál ag Năieni, Ceptura agus Bucov. Ghlac Ieremia Movilă le coróin na Moldáive arís faoi vhasáilleacht an Comhlathas Polannach-Liotuánach. Chuaigh an Moldáiv ar ais san vasáilleacht Otamánach faoi dheireadh i 1621.

Nua-Stair

Impireacht na Rúise

I gcomhréir le Conradh Búcairist 1812, agus in ainneoin roinnt agóidí a rinne aicme uasal na Moldáive ar son ceannasacht a bprionsacht, an Impireacht Otamánach

Tags:

An Mholdóiv SanasaíochtAn Mholdóiv StairAn MholdóivAn RómáinAn ÚcráinCísineáOirthear na hEorpaPríomhchathairTír

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Caitheamh aimsireDara Cogadh Cathartha na LibiaRíocht ShasanaAn Astraláise24 IúilMireille Mathieu2005 sa scannánGrindr, Saghdar, agus CherCillian MurphyGood Girl Gone BadToghcháin na Stát Aontaithe 2022Péintéireacht27 Meán Fómhair29 BealtaineInnealtóireacht cheimiceachSeán GarveyIan McKellenCoinín13 IúilCharles BoyerTuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin, 202319 LúnasaOlivia Newton-JohnBurt BacharachAn DomhnachAn Bhreatnais5 NollaigLámhach i gclub oíche OrlandoÓrStoirm Poly, 2023Harry Potter agus Ord an FhéinicsSunita WilliamsCearrbhachasAn BhanglaidéisDearcealaíonaToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024Sweet but PsychoAsmaClaude ShannonMaelíosa StaffordCorn FIFA an Domhain 2010Vasco da GamaGruagaireRoger WhittakerCaisleán Bhaile Átha Cliath13 EanáirAn Bhreatain BheagSéarlas IIINana MouskouriPríomhleathanachHarry BelafonteUirneCumann Lúthchleas GaelEolaíocht shláintePunt na hÉireannBéaloideas na hÉireannCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014TurasóireachtCeol2016An Rómáinis202415 FeabhraBuíon aistreachAndré GideAn tAontas EorpachCéislínTógaUlchabhán réiscIúr Cinn TráPríomh-Aire na Ríochta AontaithePríomhoifigeach feidhmiúcháinLeo Tolstoy🡆 More