Teanga Mhalae-Pholainéiseach í an Mhalagáisis arb í an teanga is coitianta i Madagascar.
Níl gaol ná lúb ghaoil aici leis na teangacha a labhraítear i mór-roinn na hAfraice, nó tháinig an teanga ó Bhoirneo ar dtús, agus is i mBoirneo a chloistear teangacha gaolmhara. Is í an teanga Ma'anyan chois Abhainn Barito i mBoirneo an teanga is cosúla leis an Malagáisis atá ann.
Fiteny malagasy | |
---|---|
Cineál | teanga, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 18,000,000 (2007) |
Dúchasach do | Malagásaigh |
Stáit | Madagascar |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Sundic (en) Sunda–Sulawesi (en) Dayak (en) Barito (en) East Barito (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Sorabe alphabet (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | mg |
ISO 639-2 | mlg |
ISO 639-3 | mlg |
Glottolog | mala1537 |
Ethnologue | mlg |
IETF | mg |
Tá an teanga ó dhúchas ag fiche milliún duine, a bheag nó a mhór, nó formhór mór mhuintir Mhadagascar.
Fuair an Mhalagáisis a lán focal ar iasacht ón Araibis, ón bhFraincis agus ó na teangacha Afracacha, ach ní bhaineann siad den dúchas Pholainéiseach atá so-aitheanta ar an teanga i gcónaí. Nuair a tháinig na Francaigh go Madagascar, fuair siad rompu leagan den aibítir Arabach in úsáid ag na Malagásaigh, ach inniu, is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an teanga a scríobh. Ba é aistriúchán an Bhíobla an chéad leabhar a foilsíodh sa litriú seo, agus ba iad na misinéirí Sasanacha a d'aistrigh agus a chuir i gcló é, thiar sa bhliain 1835. Is léir, áfach, go raibh béal-litríocht, scéalaíocht, agus seanchas dá gcuid féin ag na Malagásaigh roimhe sin féin, go háirithe an laoi faoin laoch úd Ibonia, a cuireadh i gcló ina lán díolamaí litríochta ón Afraic.
Scríobhtar an Mhalagáisis mar a fhuaimnítear í, cé go bhfuil sé de chlaonadh sna canúintí na siollaí nach bhfuil faoi bhéim a fhuaimniú go lag nó a ligean ar lár go hiomlán. Is mar [u] a fhuaimnítear an litir o, agus is mar oa nó mar ô a litrítear an fhuaim [o]. Fuaimnítear r aislúbtha (fuaim idir eatarthu idir s agus r) sna comhcheangail tr agus dr, agus is mar [dz] a fhuaimnítear an litir j.
Is é an t-ordú focal atá in úsáid sa Mhalagáisis ná VOS, nó Briathar-Cuspóir-Ainmní. Sa Ghaeilge, úsáidtear an t-ordú VSO, nó Briathar-Ainmní-Cuspóir, agus is é an t-ordú focal sa Bhéarla ná SVO, Ainmní-Briathar-Cuspóir. Féach na samplaí seo thíos:
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Mhalagáisis, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.