Is polaiteoir agus Teachta Dála Éireannach le haghaidh Sinn Féin é Aengus Ó Snodaigh (a rugadh ar an 31 Iúil, 1964).
Fuair sé a chéad téarma mar Theachta Dála i dtoghchán na bliana 2002.
Is mac é leis an bhfoilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh, agus foilsíodh an leabhar Fealsúnacht, Feall agus Fuil leis ag Coiscéim. Iarscoláire é de chuid na meánscoile Coláiste Eoin. Is cainteoir Gaeilge agus Béarla é. Tá deartháireacha leis sa bhanna ceoil Kíla.
Sa bhliain 2012 tháinig sé chun solais go raibh cartúis dúigh de luach €50,000 as Dáil Éireann úsáidte aige sa tréimhse idir 2007 agus 2008, rud a tharraing cáineadh air sna meáin.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aengus Ó Snodaigh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.