Is éard is ór ann ná an naoú dúil cheimiceach déag is trí scór i dtábla peiriadach na ndúl.
Miotal bog buí trom insínte somhúnlaithe atá ann, agus meas mór ag na daoine air toisc é a bheith chomh gann. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Au. Miotal lómhar atá ann, agus é le fáil ina dhúil sa dúlra féin, ina chnapáin bheaga taobh istigh de chlocha. Seoltóir maith leictreachais atá ann. Sa seodra, sna boinn airgid agus san eacnamaíocht is mó a úsáidtear é, ach thairis sin, baintear leas as san fhiaclóireacht agus sa leictreonaic.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, ábhar miotalach, ailléirgin agus precious metal (en) |
---|---|
Ór sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Au |
Uimhir adamhach | 79 |
Mais adamhach | 196.96657 |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 grúpa 11 |
Airíonna fisiceacha | |
Dath | ór |
Dlús | 19.32 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,064.18 |
Fiuchphointe | 2,940 agus 5,378 |
Leictridhiúltacht | 2.54 |
Ga ianach | 1.37, 0.64 agus 0.85 |
Stair | |
Aimsitheoir | luach anaithnid |
Fionnachtain | 6 mílaois "RCh" |
Mar is dual do na miotail lómhara, is dúil sách támh é an t-ór. Is é sin, níl sé araiciseach chun imoibriú a dhéanamh le ceimiceáin. Mar sin féin, is féidir é a thuaslagadh in imoibreáin áirithe, go háirithe san aqua regia - an t-"uisce ríoga", ós rud é go dtuaslagann sé "rí na miotal", an t-ór. Is é is aqua regia ann ná meascán as aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach. Thairis sin, is féidir leis an gclóirín, leis an bhfluairín agus le tuaslagáin chiainídeacha ór a chreimeadh.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an ór, mar atá, 197Au, agus is as an iseatóp seo atá ór an dúlra comhdhéanta. Tá an t-ór níos troime ná an luaidhe, ach níl sé chomh trom leis an bplatanam, leis an oismiam ná leis an iridiam.
Ocsaídíonn an t-aqua regia an t-ór go hian teitreaclóróráite, is é sin, AuCl4-, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar comhdhúile óracha ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na comhdhúile órúla. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidre, ar nós an fhluairín.
Níl páirt ná ról ar leith á dhéanamh ag an ór san orgánach daonna. Nimh atá san ian óir Au3+, ach ní chuirfidh an t-ór miotalach isteach ná amach ar an duine má shlogtar síos é, nó ní féidir leis na himoibreáin i gcolainn an duine an miotal a ocsaídiú go hiain nimhiúla. Mar sin, is féidir, abair, deochanna alcólacha nó cácaí a mhaisiú le duilleoga tanaí óir, agus ní dhéanfaidh an miotal dochar ar bith don duine a iósfaidh nó a ólfaidh é. Scéal eile go gcuireann an t-ór ailléirge ar dhaoine áirithe, ach níl sé leath chomh dona mar ailléirgin agus a lán miotal eile, an nicil ach go háirithe.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ór, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.