Is é atá i gceist le féinmharú ná lámh a chur ina bhás féin.
Tá an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50,000 básanna gach bliain san Aontas Eorpach.
Tagann neamhoird mheabhracha chun tosaigh roimh ré i naoi gcás as deich. Thug an socheolaí Francach Émile Durkheim an coincheap "anóime" isteach i 1897, agus thairg gur cúis shuntasach le féinmharú í.
Tá an féinmharú ag dul i méid agus Éire ar na tíortha is measa san Eoraip. Is airde an líon daoine a chuireann lámh ina mbás féin in Éirinn gach bliain ná an líon daoine a mharaítear i dtionóisc tráchta ar bhóithre.
Is ábhar é féinmharú cuidithe a n-éiríonn daoine an-tógtha faoi. Ní mór an t-ábhar faoin bhféinmharú a chur i láthair go cúramach, a deir Dignitas, a thugann cabhair do dhaoine lámh a chur ina bás féin.
Tá misean féinmharfach ag sceimhlitheoirí uaireanta.
Fadó in Éirinn, peaca mhór ab ea an féinmharú. Dúradh gur chaith sé drochmheas ar an gclann, agus mar sin, níor labhair duine ar bith faoi..
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Féinmharú, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.