Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile.
Bhailigh an bheirt acu a gcuid comhghuaillithe féin chucu le tacaíocht a fháil, ach ba mhinic a chaithfidís an tacaíocht sin a mhealladh uathu le lámh láidir.
Cineál | cogadh fuar, perpetual war (en) , proxy war (en) agus tréimhse stairiúil |
---|---|
Dáta | 1946 (Iúlach) |
Áit | Meiriceá Laidineach, An Áise, an Afraic agus An Eoraip |
Cúis | superpower (en) |
Éifeacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá, Eastern Bloc (en) , dissolution of the Soviet Union (en) , German reunification (en) , Aontas Eorpach agus Oirthear na hEorpa |
Rannpháirtithe | Eastern Bloc (en) agus Western Bloc (en) |
Cronologia | |
post–Cold War era (en) → |
Deirtear gur tosaíodh an cogadh timpeall na bliana 1947, ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus mhair sé go dtí na 1990idí, a fhad is a mhair an tAontas Sóivéadach.
Ní raibh an dá mhórchumhacht féin ag cur mórán troda ar a chéile go díreach, ach ba mhinic a bhí siad ag tabhairt tacaíochta do thaobhanna éagsúla i gcoimhlintí áitiúla go háirithe sa Tríú Domhan, rud a mhéadaigh ar an gcruatan inar fágadh na gnáthshibhialaigh ina leithéid de chás. Ba í an ghné ba dhainséaraí den Chogadh Fhuar ná go raibh airm núicléacha ag an mbeirt, agus bhí sé incheaptha go mbrisfeadh cogadh núicléach amach eatarthu - fiú de thaisme. Cúpla uair, ba dhóbair nár bhris, is é sin, le linn ghéarchéim na ndiúracán i gCúba agus i bhfómhar na bliana 1963. Ar ámharaí an tsaoil, seachnaíodh an cogadh núicléach sin.
Nuair a chuaigh na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis sa bhliain 1917, d'éirigh an tIarthar an-bhuartha faoi cé chomh meáite agus a bhí siad ar an réabhlóideachas a spreagadh taobh amuigh den Rúis. Sna blianta idir an dá chogadh domhanda, is beag a chuaigh an réabhlóid dhomhanda sin chun cinn, ach níor bhain sin mórán den eagla a bhí ar an Iarthar roimh an gcumannachas.
Sa bhliain 1941, d'ionsaigh na Gearmánaigh an tAontas Sóivéadach, a chuaigh i gcomhghuaillíocht leis na cumhachtaí Iartharacha, ach i ndiaidh an chogaidh, tháinig scoilt eatarthu arís.
Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Cogadh Fuar, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.