Ord d’ éin choirp throma a bhíonn ag beathú ar an talamh agus a chuimsíonn turcaí, cearc fhraoigh, sicín, gearg an domhain nua agus gearg an tseandomhain, tarmachan, patraisc, piasún, francolin, éanlaith dhufaire agus na Cracidae is ea na Galliformes.
Tagann an t-ainm ó "gallus", an Laidin i gcomhair an choiligh. Is ainmneacha coitianta iad éanlaith chlóis nó éanlaith ghéim, Is minic a úsáidtear " éanlaith " do na Galliformes, ach de ghnáth tagraíonn na téarmaí seo d' éin uisce (Anseriformes), agus uaireanta d'éin eile a bhíonn á seilg go coitianta. Tá thart ar 290 speiceas ag an ngrúpa seo, agus go bunúsach tá ceann amháin nó níos mó díobh le fáil i ngach cuid de mhór-ranna an domhain (ach amháin na fásaigh is mó istigh agus an t- oighear buan). Tá siad níos teirce ar oileáin, agus i gcodarsnacht leis na héin uisce a bhfuil dlúthbhaint acu, tá siad as láthair go bunúsach ó na hoileáin aigéanacha - mura dtugann daoine isteach iad. Rinneadh roinnt speiceas a cheansú le linn a gcaidrimh fhada fhairsinge le daoine.
Meleagris ocellata | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Eumetazoa |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Galliformes Temminck, 1820 |
Tá cúig fhine san ord seo: Phasianidae (lena n-áirítear sicíní, gearga, patraiscí, piasúin, turcaithe,péacóga cearca fraoigh), Odontophoridae (gearga an domhain nua), Numididae (éanlaith Ghuine), Cracidae (lena n-áirítear cacalaí agus curasóí), agus Megapodiidae (éin gorlainne mar Leipoa ocellata agus Alectura lathami). Tá siad tábhachtach mar scaiptheoirí síolta agus creachadóirí sna héiceachórais ina gcónaíonn siad, agus is minic a thógann daoine iad mar éin ghéim dá gcuid feola agus uibheacha agus le haghaidh fiaigh áineasa. Is reathaithe oilte iad bíonn siad in annn éalú ó chreachadóirí trí rith seachas eitilt. Tá fireannaigh an chuid is mó de na speicis níos ildaite ná na baineannaigh. Is minic a bhíonn deasghnátha suirí an éin casta ag na fireannaigh lena n-áirítear strutáil, cluimhreach, eireaball nó cleití ceann a thógáil, agus fuaimeanna gutha. Tá siad neamh-imirceach den chuid is mó.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Galliformes, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.