Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí.
Bhaist Elon Musk 'X' ar an aip sa bhliain 2023, "an aip a dhéanann gach rud" dá réir seisean. Ach is deacair sean-nós a bhriseadh agus tá 'Twitter' i mbéal an phobail fós.
registration page (en) | |||||
Mana | Blaze Your Glory! | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta user-generated content platform (en) micreabhlagáil comhphobal ar líne | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 21 Márta 2006 24 Iúil 2023 | ||||
Bunaitheoir(í) | Jack Dorsey, Noah Glass, Biz Stone agus Evan Williams | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
2022- | srian ar rochtain Cúis leis seo: international sanctions during the Russo-Ukrainian War (en) | ||||
28 Deireadh Fómhair 2022 14 Aibreán 2022-8 Iúil 2022 | acquisition of Twitter by Elon Musk (en) | ||||
Úsáideann sé/sí | Twemoji | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Oibreoir | X Corp. (en) (2023–) | ||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Linda Yaccarino (en) (2023–) | ||||
Úinéir | X Corp. (en) (2023–) | ||||
Iar-ainm | |||||
Suíomh gréasáin | twitter.com | ||||
Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 280 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcanna nó tweets as Béarla. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil nó tvuít, déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín". Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint.
Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California.
Ar dtús, bhí Twitter á úsáid ag fostaithe na cuideachta Odeo, go dtí gur osclaíodh an lán-leagan poiblí ar an 15 Iúil, 2006. Bunaíodh Twitter mar chuideachta ina aonar i mí Aibreáin 2007.
D'éirigh Twitter an-choitianta tar éis an '2007 South by Southwest festival'. Bhí 60,000 tweet ann gach lá tar éis na féile.
Ar an 14 Meán Fómhair, 2010, d'athraigh Twitter dearadh an láithreáin agus tugadh lógó nua isteach.
Sa bhliain 2022, bhí tairiscint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Ba é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter ag an am tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin conspóideach ar Tesla agus SpaceX go ndíghlasfadh sé acmhainneacht na cuideachta dá mbeadh sé ina úinéir agus go gcuirfeadh sé béim ar shaoirse cainte a chur chun cinn ar an suíomh.
Cheannaigh Elon Musk Twitter ar 27 Deireadh Fómhair 2022. Ar dtús, i mí Aibreáin 2022, bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc. Ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige. Cheannaigh sé Twitter ar phraghas an-ard ag an am, $44 billiún.
Ar 3/4 Samhain 2022, cuireadh ríomhphost chuig oibrithe áirithe timpeall a domhain inar cuireadh in iúl dóibh go raibh iomarcaíocht i ndán dóibh. Bhí sé i gceist ag Twitter 50% dá bhfórsa oibre a chiorrú ar fud an domhain, agus chaill Twitter leath a fhoirne i gcúpla lá.
Cuireadh glasáil amach i bhfeidhm bhí oifigí an chomhlachta dúnta go sealadach agus ní raibh cead ag oibrithe dul isteach iontu. Bhí thart ar 500 duine fostaithe ag Twitter ag an am i mBaile Átha Cliath.
Ar 16 Samhain, scaip Musk ríomhphost - agus fógra deiridh - ar fhostaithe, inar cuireadh ceist orthu an mbeidís sásta glacadh le coinníollacha nua, nó nach mbeadh. Theastaigh uaidh grúpa dígeanta fostaithe a chothú. Bhí oifigí Twitter dúnta idir 18-21 Samhain mar bhí faitíos ar bhainisteoirí go gcuirfidh fostaithe míshásta an comhlacht ó rath.
I mí na Nollag 2022, cuireadh toirmeasc ar chuntais áirithe (nó ar fionraí) agus ar naisc chuig ardáin meáin shóisialta eile, mar shmapls Mastodon, Facebook agus Instagram. Laistigh de 24 uair an chloig d'aisiompaigh an tUasal Musk an cinneadh.
I mí na Samhna 2022, tugadh le fios ag Musk go raibh sé i gceist aige duine eile a aimsiú chun an gnólacht a threorú. D'eagraigh sé pobalbhreith faoi ar 20 Nollaig 2022. Agus tar éis do 58% den 17 milliún vótálaí glaoch a chur ar imeacht Musk, sheol sé giolc : 'Mar a deirtear, bí cúramach faoin rud atá uait..'
Bhí Twitter úsáideach ar feadh i bhfad mar fhoinse nuachta agus mar ghléas chun teacht ar ábhar fiúntach den uile chineál. Ach ó chuaigh Elon Musk i gceannas ar X/Twitter sa bhliain 2022, tugadh deis as cuimse do dhaoine nach bhfuil aon mheas acu ar an bhfírinne agus ar mian leo bréaga a inseacht, fearg a threisiú agus fuath a chothú. Ó thosaigh Musk ag díbirt daoine iontaofa ón suíomh, tá X á neartú aige mar fhoinse mífhaisnéise, feirge agus seafóide.
Teastaíonn bearna a fhágáil idir go leor scéalta a chloistear agus iad a fhoilsiú – is é sin más fiú iad a fhoilsiú in aon chor. Déanann iriseoirí an jab sin, ach níl iriseoireacht le fáil ar Twitter níos mó.
Bíonn daoine ag giolcaireacht, ag giolcadh nó ag tvuíteáil ar an suíomh (ón bhfocal Béarla tweeting). Chomh maith, tugtar tvuíteanna nó giolcanna ar na teachtaireachtaí aonaracha, bunaithe ar an bhfocal Béarla tweet(s).
Ar an 24 Lúnasa 2007, seoladh an chéad ghiolc ar Twitter a raibh ‘haischlib’ ann. Ba é Chris Messina a sheol an chéad haischlib. Ba éard a bhí i haischlibeanna i dtús aimsire ná bealach le giolcacha a rangú de réir téama ar Twitter.
Scaip an coincheap ó Twitter go hardáin eile ar na meáin shóisialta. Sa bhliain 2017, seoltar os cionn 125,000,000 haischlib ar Twitter amháin in aghaidh an lae.
Thart ar 10,000 tvuít sa mhí a bhí á seoladh i nGaeilge in 2014. Bhí sin ardaithe sa bhliain go 40,000 sa bhliain 2022. Tháinig Tuairisc ar an bhfód sa bhliain 2014, rud a mhéadaigh an méid Gaeilge ar líne go suntasach ó shin. Bhí an figiúr seo ag an bpointe is airde riamh ag tús na bliana 2020, tráth a raibh beagnach 1,200,000 focal Gaeilge á scríobh ar líne gach mí.
D'fhág go leor cainteoirí Gaeilge an suíomh sa bhliain 2022/2023 nuair a ghlac Elon Musk seilbh ar an ardán. Ní raibh an API ar Twitter le fáil saor in aisce níos mó agus cuireadh stop le chuala.me. Chuaigh roinnt daoine chuig Mastadon agus bhí borradh beag faoi phobal na Gaeilge ar Bluesky de chuid Jack Dorsey.
Seo thíos na deich haischlib is mó úsáid ó thús ama ar ghiolcacha Gaeilge ar feadh 2008-2017, de réir eolais atá faighte ón Ollamh Kevin Scannell:
1. #gaeilge
2. #TG4
3. #GAA
4. #ireland
5. #aimsir
6. #clg
7. #GE16
8. #Gaeltacht
9. #RnaR
10. AchtAnois
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Twitter, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.