Sinc

Is í an tsinc dúil cheimiceach uimhir a 30, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná Zn.

Miotal bánghorm nó geal liath is ea sinc, fairsing i screamh an domhain agus is iomaí úsáid a bhaintear aisti sa teicneolaíocht agus sa tionsclaíocht. Úsáidtear go minic i gcóimhiotail í (galbhánaítear iarann trí é a thumadh i sinc leachtaithe nó a leictreaphlátáil le sinc).

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSinc
Sinc
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus simple substance (en) Aistrigh
Sinc sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachZn
Uimhir adamhach30
Mais adamhach65.38
Peiriad, Grúpapeiread 4
grúpa 12
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe419
Fiuchphointe907
Leictridhiúltacht1.65
Ga ianach0.6, 0.74 agus 0.9
Stair
Aimsitheoirluach anaithnid
Fionnachtainluach anaithnid
Eapainmbeann
Sinc

Tréithe

Áirítear ar na miotail thrasdultacha í, ach le fírinne, tá sí níos cosúla leis na miotail chré-alcaileacha - an maignéisiam ach go háirithe - ina saintréithe ceimiceacha.

Tá an tríú sceall lán (ocht leictreon déag) agus dhá s-leictreon taobh amuigh de. Is dual don tsinc an dá leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaithi, agus mar sin is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla sna comhdhúile since ná +II.

Tá fáil ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +I ag an tsinc, ach glactar leis go bhfuil ian déshince sna comhdhúile sin, is é sin, (Zn2)2+.

Criostalta briosc ag gnáth-theocht agus múnlaithe go héasca ag 110-150°C.

Leictreoid dhiúltach since a bhíonn i gcealla leictreacha ar leith.

Murab ionann agus an dá mhiotal eile in aon ghrúpa leis, an caidmiam agus an mearcair, ní trom-mhiotal nimhiúil í an tsinc. A mhalairt ar fad, tá an tsinc riachtanach d'orgánach an duine mar riandúil, agus í le fáil ina lán einsímí tábhachtacha. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin, beagnach, a bhíonn aici ina cuid comhdhúl ná +2.

Stair

Tá aithne ag an gcine daonna ar an tsinc leis na céadta bliain anuas. Roimhe sin féin bhítí ag baint leasa as an bprás, arb é cóimhiotal na since agus an chopair é.

Na mianraí since

Is í an sfalairít (an seac dubh, an tsincbhleind) an mianra is tábhachtaí since. Is éard atá ann ó thaobh na ceimice de ná suilfíd since ZnS a bhfuil suilfíd fheiriúil, nó suilfíd an iarainn dhéfhiúsaigh, FeS measctha tríthi. Mianraí tábhachtacha eile iad an smitsinít (carbónáit since, ZnCO3), an leathmhoirfít (sileacáit since), an vuirtsít (suilfíd since í chomh maith leis an sfalairít), agus an hidrisincít (comhchriostal na carbónáite since agus na hiodrocsaíde since). Táthar ag baint since sna Stáit Aontaithe, san Astráil, agus i gCeanada, agus glactar leis go bhfuil cúltaiscí móra since san Iaráin.

Iseatóip na since

Sinc 
Lárionad Bolden agus traein de chuid Tara Mines, BÁC

Tá cúig iseatóp nádúrtha ag an tsinc, mar atá, 64Zn (49.17 % de shinc an dúlra), 66Zb (27.73 %). 67Zn (4.04 %), 68Zn (18.45 %), agus 70Zn (0.61 %). Iseatóip chobhsaí iad seo go léir - is núiclídí saorga iad raidiseatóip na since. Na raidiseatóip is éadroime dá bhfuil ag an tsinc, is é an cineál meath is minice a bhaineann dóibh ná an leictreonghabháil, agus is é is toradh don chineál seo meath ná ceann d'iseatóip an chopair. Na raidiseatóip is troime áfach, tagann béite-mheath orthu, agus is é an gailliam an toradh.

Cuma agus cosúlacht na since

Sinc 
Tara Mines

Miotal crua sobhriste í an tsinc agus loinnir ghorm inti. Is miotal diamaighnéadach í, is é sin, éarann an réimse maighnéadach é.Tá sí traidhfilín níos éadroime ó thaobh an dlúis de ná an t-iarann, agus struchtúr criostalach heicseagánach aici. Seoltóir réasúnta maith leictreachais atá inti, agus tá a leáphointe (419.5 °C) agus a fiuchphointe (907 °C) íseal go leor i gcomparáid leis an gcuid is mó de na miotail, go háirithe na miotail trasdultacha.

Tá a lán miotal in ann cóimhiotail a dhéanamh leis an tsinc. Is é an prás an ceann is tábhachtaí de na meascáin seo. Cé nach bhfuil an tsinc ná an siorcóiniam fearómaighnéadach ar aon nós, éireoidh a gcóimhiotal ZrZn2 fearómaighnéadach má shioctar faoi bhun 35 ceilvin (-235 °C) é.

Féach freisin    

Tagairtí

Tags:

Sinc TréitheSinc StairSinc Na mianraí sinceSinc Iseatóip na sinceSinc Cuma agus cosúlacht na sinceSinc Féach freisin    Sinc TagairtíSincDúil cheimiceachUimhir adamhach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

LeictrilítNa Fíréin1945DrámaíochtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannSex, Pies and Idiot ScrapesConradh na GaeilgeSuncaireLeabharLeo VaradkarEilís II na Ríochta AontaitheContae Dillon, Carolina TheasSimon HarrisPéist chrúcachCLG Chontae an ChabháinPailm ratáinDomhanAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachCainneannAn Eoraip1616Sinéad O'ConnorDamhsaP. RamleeRothaíochtRichard BriersSteve JobsGrowing PainsBrigitFyodor DostoyevskyBrabhsálaí GréasáinMuireann Nic AmhlaoibhCróch bréige2024CogadhEalaíona maisitheBuamáil La Mon (1978)Iarthuaisceart-Lár na Tíre (toghcheantar na hEorpa)MadraVicíMyrna LoyAerlongCumann Lúthchleas GaelGoogleIdirnáisiúnúNéimeatóidÉire (Poblacht na hÉireann)Cluain Tarbh (albam)LeictreafóibeFTPBruno MadernaCaliforniaLá Fhéile Seoirse1 Eanáir1973 sa teilifísInter AliaRíomhaireHidribhitheolaíochtRéigiún an Lár-AtlantaighNaomh BrídTúr EiffelPeil Ghaelach na mBanOcsaiteoisinVicipéid na GaeilgeAn ChatalóinisSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáWinston ChurchillBryndzové haluškyJamie Raskin🡆 More