Is éan clóis é an sicín.
Is baill d'fhine na Phasianidae iad na sicíní. Gallus gallus domesticus a thugtar orthu mar ainm eolaíoch. Sa bhliain 2003, bhí breis is 24 billiún sicín ann ar fud an domhain.
Gallus gallus domesticus | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | brollach sicín, circeoil agus ubh shicín |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Galliformes |
Fine | Phasianidae |
Géineas | Gallus |
Fospeiceas | Gallus gallus domesticus |
Tugtar coileach ar an bhfireannach agus tugtar cearc ar an mbaineannach.
Cé go n-úsáideann formhór na n-éan a n-eití chun eitilt, níl sicíní rómhaith ag eitilt. Tá siad in ann eitilt go dtí a bpéirsí nó thar an claí ach den chuid is mó den am, fanann siad ar an talamh. Tá lachain agus géanna go maith ag eitilt. Má tá siad ina gcónaí i gcró atá oscailte ar barr, bíonn ar an bhfeirmeoir cléití eite amháin a bhearradh ionas nach mbeidh siad in ann eitilt as an gcró. Tá an bearradh cleití seo mar bhearradh gruaige agus ní ghortaíonn sé an t-éan.
Tá sicíní agus turcaithe cosúil lena chéile maidir le dhá phríomhthréith. Tá cosa ar a dtugtar crúibíní ag an dá cheann acu. Tá na crúibíní seo an-láidir agus úsáideann siad iad chun tochailt sa chré chun bia a fháil. Ina theannta sin tá goba géara ag an dá cheann acu chun bheith ag gobadh ar fheitheidí agus ar ghráinní.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sicín, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.