Is féar gránach tábhachtach í rís (de ghnáth ón speiceas Oryza sativa nó, níos annaimhe, Oryza glaberrima) le panacail oscailte ag cromadh le gráinní iomadúla.
Is í an príomhphlanda bia san Áise, a saothraíodh sa tSín roimh 4000 RC. Saothraítear i bpáirceanna báite í, agus tá an iliomad saghsanna oiriúnaithe d'airdí éagsúla uisce. Le blianta anuas, trí chláir taighde póraithe, tá saghsanna nua leathmhionsacha atá rathúil is a tháirgeann barr ar feabhas mór é ar na seansaghsanna. Tá saghsanna oiriúnaithe do thalamh ard nach gá na páirceanna a bhá dóibh, is féidir a fhás i réigiúin níos tirime fionnuaire.
Oryza | |
---|---|
Oryza sativa | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | rís |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Poaceae |
Fofhine | Oryzoideae |
Géineas | Oryza L., 1753 |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rís, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.