Galar tógálach is ea an bhruitíneach.
Galar víreasach a scaiptear trí bhraoiníní ionfhabhtaithe aeriompartha is ea í. Is mór an chontúirt é an bhruitíneach go háirithe do pháistí beaga agus do dhaoine nach bhfuil an tsláinte go maith acu. Tá baol ann dá oireasa go mbeadh duine buailte ag meiningíteas, niúmóine, heipitíteas, ag bodhaire nó ag fadhbanna toirchis srl.
Cineál | Morbillivirus infectious disease (en) agus galar víreasach tógálach |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | fiabhras, casacht, srón fhliuch, gríos easaintéimeach, liomfadanapaite, anoireicse, buinneach, Koplik's spots (en) , toinníteas agus Stimson's triad (en) |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, Koplik's spots (en) , ELISA agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise |
Cóireáil | supportive care (en) |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha |
Éifeacht | 2008 measles epidemic in France (en) |
Aicmiú | |
ICD-10 | B05 agus B05.9 |
ICD-9 | 055 |
CIAP | A71 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0151538 |
DiseasesDB | 7890 |
MedlinePlus | 001569 |
eMedicine | 966220 |
Patient UK | measles-pro |
MeSH | D008457 |
UMLS CUI | C0025007 |
I measc na gcomharthaí sóirt don bhruitíneach tá fiabhras, casacht, srón ag sileadh agus scól ar leith ar an gcraiceann.
Tosaíonn sí le casacht is srón silidh, agus ina dhiaidh sin tarlaíonn gríos dearg smeartha is fiabhras. Briseann gríos méirscreach dearg amach tríd an gcraiceann. Uaireanta bíonn seordán le tabhairt faoi deara freisin.
Tagann an bhruitíneach ar leanaí agus ar dhaoine óga go háirithe.
Aimhréidh is féidir tarlú is ea niúmóine, agus b'fhéidir ionfhabhtú tánaisteach baictéarach don chluas inmheánach. Tarlaíonn ionfhabhtú víreasach scaipthe san inchinn (ioncafailíteas) go hannamh freisin, agus uaidh sin damáiste don inchinn.
Beidh duine as gach míle buailte ag at san inchinn, galar ar a dtugtar einceifealaíteas agus atá an-chontúirteach. Meastar go bhfaigheann idir duine amháin agus triúr as gach míle cás den bhruitíneach bás dá bharr.
Is é an bealach is fearr chun daoine a chosaint ón mbruitíneach ná an vacsaín MMR (i gcoinne na bruitíní, na leicní agus na bruitíní deirge) a fháil.
Tá tarlú an ghalair i dtíortha forbartha laghdaithe go mór le húsáid vacsaíní, ach is coitianta é i dtíortha neamhfhorbartha agus baineann mortlaíocht shuntasach leis.
In 2017, tá méadú tagtha tríd is tríd ar líon na gcásanna bruitíní a tuairiscíodh i dtíortha Eorpacha. Bhí sé tuairiscithe ag an Ríocht Aontaithe, an Iodáil agus an Rómáin gur tharla na ráigeanna is mó den víreas go dtí seo.
Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí. Mar shampla, bhí an bhruitíneach ar Dubhghlas de hÍde ina pháiste (agus dá bharr sin, is sa mbaile, óna athair, a fuair sé a chuid bunoideachais).
Idir 2004 agus 2007, bhí rátaí imdhíonta do leanaí de dhá bhliain d’aois idir 87.5% do bhruitíneach, phlucamas agus bhruitíneach dhearg (MMR) go meán de 92% do na vacsaíní eile.
Ag deireadh an fichiú haois, bhí clár cuimsitheach vacsaínithe curtha i bhfeidhm agus bhí an bhruitíneach beagnach díbeartha ar fad as an tír.
Tháinig an galar ar ais sa 21ú haois nuair a scaipeadh bréagnuacht faoi. Fuair Pat Gorman, tiománaí le Bus Éireann, bás le bruitíneach ar 7 Feabhra 2024.
De réir staidéir a rinne an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte in 2023/2024, ní raibh aon chosaint ar an mbruitíneach ag 11% de dhaoine fásta idir 18-34 bliain, agus bhí an céatadán 18% i measc fir óga idir 18-19 bliain. Meastar nach bhfuair cuid de na daoine sin an vacsaín MMR nuair a bhí siad ina leanaí mar gheall ar scéal mícheart a bhí á chraobhscaoileadh ag an am go bhféadfadh baint a bheith ag an vacsaín le huathachas.
Is é is dóichí go bhfuil daoine a rugadh roimh 1978, go bhfuil siad imdhíonta ar an mbruitíneach.
Is é an vacsaín MMR an t-aon chosaint ar an mbruitíneach ach níl an oiread leanaí in Éirinn á fháil anois agus a bhíodh. Is é 95% den daonra an sprioc-chéatadán atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Dhearbhaigh an Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95% den phobal ar a laghad le ráig a chosc. Ar an drochuair, ní raibh an vacsaín faighte ach ag thart ar 90% de leanaí ar bhonn náisiúnta idir 2021-2023. Bhí an ráta chomh híseal le 80%, nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe.
I mí an Mhárta 2024, chuir an Rialtas plean gnímh in aghaidh na bruitíní. Tairgeadh vacsaín in aghaidh na bruitíní do bhreis agus 300,000 duine sa Stát.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bruitíneach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.