Is tír í an Ísiltír (Ísiltíris: Nederland, Freaslainnis: Nederlân, An Phaipeamaintis: Hulanda), go hoifigiúil Ríocht na hÍsiltíre (Ísiltíris: Koninkrijk der Nederlanden), atá suite in iarthuaisceart mhórthír na hEorpa.
Tá teorainn aici leis an mBeilg agus leis an nGearmáin. Is monarcacht bhunreachtúil í. Is é Rí Willem-Alexander na hÍsiltíre an Ceann Stáit. Tá an rialtas suite sa Háig ach tá Amstardam ina phríomhchathair chomh maith. Tá cónaí ar 16,318,199 duine san Ísiltír (meastachán as Iúil 2004). Tá an Ísiltír deighilte ina 12 cúige. Úsáidtear an euro. Is iad Ollainnis agus Freaslainnis na teangacha oifigiúla. Is é “Wilhelmus van Nassouwen” amhrán náisiúnta (bhí sé scríofa chun clú a chur ar Liam Oráiste). Is ball den Aontas Eorpach í.
An Ísiltír | |||||
---|---|---|---|---|---|
Nederland (nl) | |||||
| |||||
Aintiún | Wilhelmus (10 Bealtaine 1932) | ||||
Mana | «Je maintiendrai (en) » | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na hÍsiltíre | ||||
Príomhchathair | Amstardam | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 17,590,672 (2022) | ||||
• Dlús | 423.43 hab./km² | ||||
Déamainm | Ollannach | ||||
Teanga oifigiúil | an Ollainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Ríocht na hÍsiltíre Aontas Eorpach | ||||
Achar dromchla | 41,543 km² | ||||
• Uisce | 18.7 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Thuaidh, IJsselmeer (en) , Markermeer (en) , Muir Wadden agus Muir Chairib | ||||
Pointe is airde | Mount Scenery (en) (887 m) | ||||
Pointe is ísle | Zuidplaspolder (−6.76 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre | ||||
Cruthú | 19 Eanáir 1795 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht pharlaiminteach agus monarcacht bhunreachtúil | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hÍsiltíre | ||||
Comhlacht reachtach | States General (en) | ||||
• Rí na hÍsiltíre | Liam I na hÍsiltíre (1815–1840) | ||||
• Príomh-Aire na hÍsiltíre | Mark Rutte (2010–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 1,011,798,853,062 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | UTC+01:00 (a European Netherlands (en) , am caighdeánach) UTC+02:00 (a European Netherlands (en) , am samhraidh) | ||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .nl | ||||
Glaochód | +31 agus +599 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 911 | ||||
Cód tíre | NL | ||||
Cód NUTS | NL | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | rijksoverheid.nl | ||||
Tá 12 cúige san Ísiltír:
|
Úsáidtear an euro mar airgeadra san Ísiltír. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hÍsiltíre an 27ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 18ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 15ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ísiltír, é ar $53,582 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ísiltír an 10ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an ceathrú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ísiltír an 6ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.5%, an comh-cúigiú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Ísiltír, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.