Teileafón: Gléas teileachumarsáide

Is gléas teileachumarsáide é an guthán nó teileafón nó fón, chun fuaim (caint ach go háirithe) a tharchur agus a ghlacadh, go hiondúil idir bheirt, nó níos mó, ag caint le chéile.

Tá an gutháni measc na ngléasanna tí is coitianta sa domhan nua-aimseartha. Mar aon le sin, is ceann dos na huirlisí gnó is tábhachtaí ar domhan é.

Teileafón: Sansaíocht, Stair, Teicneolaíocht inniu
Teileafón: Sansaíocht, Stair, Teicneolaíocht inniu
timpeall na 1940idí

Sansaíocht

Tagann an focal guthán ón nGréigis τηλέ (i bhfad) agus φωνή (guth), a úsáidtear.

Stair

Fuair Alexander Graham Bell an phaitinn sa bhliain 1876 chun an ionstraim a fhorbairt. Leag sé síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison chun comhartha leictreach a chruthú ó fhuaim an ghutha.

Sa bhéalóg d'imbhuail creathanna na fuaime san aer le scannán anuas ar chiseal gráinníní carbóin, agus d'athraigh brú an scannáin friotaíocht an chisil seo chun sruth athraitheach leictreach a chruthú mar chomhartha na fuaime. Nuair a shroich an comhartha srutha seo an cluasán sa ghlacadóir, rith sé trí leictreamaighnéad, agus chrith a réimse athraitheach seo scannán, rud a chruthaigh fuaimthonn, díreach i bpas leis an gcomhartha, agus mar sin díreach i bpas le bunfhuaim an ghutha a labhair isteach sa bhéalóg thosaigh.

Teileafón: Sansaíocht, Stair, Teicneolaíocht inniu
Guthán bunúsach ón bhliain 1984.

De réir a chéile tugadh isteach athchraoltóirí (aimplitheoirí, i ndáiríre) chun cur leis an gcomhartha ar an tsreang agus glaonna thar chianfhaid a chur ar fáil.

Teicneolaíocht inniu

I láthair na huaire, ar cheangail raidió le satailítí agus naisc le micreathonnta, seachas sreanga, a bhíonn córais teileafóin bunaithe den chuid is mó. Teileafóin sho-ghluaiste nó iniompartha is ea iad.

Bunús eile leis na córais nua-aoiseacha is ea na córais ríomhaire chun glaonna a ródú go huathoibríoch. Anois bíonn na hionstraimí teileafóin leictreonach, le heochaircheap in ionad diaile, agus tréithe cliste, bunaithe ar ríomhairí is cuimhní digiteacha, cosúil le liosta uimhreacha na ngnáthghlaonna, glaoch ar ais ar an uimhir is déanaí, ceangal leis an Idirlíon, físteileafóin, is tréithe ilmheáin eile.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Teileafón SansaíochtTeileafón StairTeileafón Teicneolaíocht inniuTeileafón Féach freisinTeileafón TagairtíTeileafónCaintFuaimTeileachumarsáid

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Crú-ialtóg BlasiusPearóidContae Dhún na nGallTaipiócaMéasónGregor MendelÉcole polytechniqueRoy BluntPlanda1260íAn tAontas Eorpach1807Anraí II ShasanaWDrochaid a' BhannaTuirbínJohn WarkJulia Grenan1080íAn OllainnisPápa Gréagóir XVTeicneolaíochtEilean ChathastailCuraíAn VicipéidConchúr Antóin Mac GréagóirSteve PrefontaineNeil FlynnLoch BaghasdailSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáCros DomhnaighFiabhrasCarles PuigdemontJermaine JenasAn Ghearmáinis ÍochtarachBarack ObamaAnne-Marie TrevelyanAn IndiaCair DhómhnaillSuojeluskuntaGraostachtRed Bull RacingAn BhrasaílAn t-Sròn ReamharAn tSean-RóimhNaomh PádraigStaidreamhDochtearraíDedhamThe Onion RouterMartin LandauCrois Mo LiubhaSícea-chógaseolaíochtLuas (tram)Liosta teangacha de réir cainteoirí dúchasachaMarcus DalyBBC Asian NetworkBill GatesBaile SamhraidhEilean NaomhaBaile Átha CliathBarry HumphriesAn tÍliadSéipéalLubichowoCumraíocht leictreonMichelle ObamaNetflixCoregonus lavaretusCogadh Chluas JenkinsOllscoil Wolverhampton🡆 More