Teanga Giorrúchán

Is éard is giorrúchán ann ná ainm a chumtar as túslitreacha ainm nó frása ilfhoclaigh eile, ar aon mhodh.

(e.g. BCE, AE).. Mar sin, leagan gairid d'fhocal is ea giorrúchán. Go minic is iad céadlitreacha na bpríomhfhocal san ainm a úsáidtear (mar shampla, GRMA do Go Raibh Maith Agat).

Teanga Giorrúchán
Sampla de théacs lámhscríbhinne ón 15ú haois sa Laidin le noda

Tugtar faoi deara an difríocht idir focal giorraithe agus coimriúchán. Cailltear deireadh an fhocail (Uimh., Uas.) san fhocal giorraithe, agus cailltear litreacha laistigh den fhocal (Dr) sa choimriúchán. Ní chuirtear an ponc i ndiaidh an choimriúcháin, ach amháin i gcás “lch.” agus “lgh.”. Cuirtear an ponc i gcónaí i ndiaidh an fhocail ghiorraithe.

De réir mhír 3.2.3(c) den Chaighdeán Oifigiúil 2016 chun giorrúchán nó acrainm a dhéanamh iolra cuirtear “anna” leis má chríochnaíonn sé ar chonsan agus “nna” leis má chríochnaíonn sé ar ghuta, e.g. DVDanna; POnna.

Cé go gceadaítear sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t-alt, moltar an córas gan an t-alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear “in AE” (san Aontas Eorpach); “Ballstáit AE” (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); “ag NA” (ag na Náisiúin Aontaithe).Cé go gceadaítear sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t-alt, moltar an córas gan an t-alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear “in AE” (san Aontas Eorpach); “Ballstáit AE” (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); “ag NA” (ag na Náisiúin Aontaithe).

Aonaid tomhais agus siombailí eolaíochta

Ní gá ponc a chur i ndiaidh “ha” (heicteár), “km”, “mg”, etc. Cuirtear spás idir iad agus an figiúr; níl uimhir iolra acu: 4 ha, 9 m, 20 psi, 55 dB(A), 2000 kc/s.

Samplaí coitianta

An leagan i mBéarla: An leagan i nGaeilge

  • p: lch.
  • pp: lgh.
  • No: Uimh.
  • Nos: Uimh. (1)
  • Ltd (Limited): Teo.
  • MEP: FPE
  • MP: FP
  • EST (Eastern Standard Time): ACO (An Caighdeánach Oirthearach)

Conspóidí

Bíonn giorrúcháin ina n-ábhar conspóide go minic agus tráchtairí áirithe ann a mhaíonn go mbaineann siad den teanga agus go n-íslítear caighdeán scríofa agus léite na n-óg go háirithe.

Uaireanta tá sé deacair a dhéanamh amach go díreach cén uair go díreach atá giorrúchán i gceist agus cén uair atá focal i gceist i gcás roinnt mhaith samplaí – ‘CAT’ (conas atá tú?) agus ‘cat’ (an t-ainmhí), nó ‘IAD’ (in ainm Dé) agus ‘iad’ (an tríú pearsa).

Táthar ann freisin, áfach, a mhaíonn gur ghnáthchuid den scríbhneoireacht agus den léamh a bhí sna giorrúcháin riamh agus nach bhfuil sna giorrúcháin a fheictear ar líne go minic ach leagan na haoise seo de na nótaí imill a bhíodh á mbreacadh ag na manaigh fadó.


Gaeilge

Tá liosta den 20 giorrúchán is coitianta i measc cainteoirí Gaeilge ar Twitter anseo. Is é ‘GRMA’ an giorrúchán Gaeilge is mó úsáid i measc cainteoirí Gaeilge ar Twitter, de réir eolas a rinne an tOllamh Kevin Scannell.

Rialacha

Ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ghiorrúchán nó ar acrainm riamh (mar shampla, ' faoi SAM', ' le OÉ Gaillimh').

Is é in (seachas i) an fhoirm den réamhfhocal i a úsáidtear roimh ghiorrúchán nó acrainm (mar shampla, 'in RTÉ').

Ní chiorraítear na réamhfhocail de agus do go d’ roimh ghiorrúchán nó acrainm a thosaíonn ar ghuta.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Tags:

Teanga Giorrúchán Aonaid tomhais agus siombailí eolaíochtaTeanga Giorrúchán Samplaí coitiantaTeanga Giorrúchán ConspóidíTeanga Giorrúchán GaeilgeTeanga Giorrúchán Féach freisinTeanga Giorrúchán Naisc sheachtrachaTeanga Giorrúchán TagairtíTeanga GiorrúchánFocal

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

GreannáinLondainBrúinéSeansailéir an StátchisteÉireStiúrthóir scannánAn FhionlainnDara Comhairle VatacánachSimpeansaíTeicneolaíocht12 (uimhir)Míl EspáineCeathrar GuildfordFrank O'RourkeSinn FéinAn GhearmáinNa hOileáin FhilipíneachaSui generisDáileadh Aonfhoirmeach LeanúnachIarnród Éadrom IarúsailéimCócaonAn Phicnic LeictreachEolaíocht leabharlainne agus faisnéiseAn tSúdáin TheasAnimaliaAn VicipéidImpiriúlachas NuaAn tSualainnHans Christian ØrstedIdirlíonAn IodáilAnnie LennoxFionnula FlanaganTripilí, an LiobáinArdeaglais Naomh Sadhbh, CívAn EoraipAn BhealarúisUisge DhèSionnachBreatnaisIonsaí diúltaithe seirbhíseAltanGuildford FourAontas na nÉimíríochtaí ArabachaCill Chluanadh MhórCoiste Comhairleach um Sheirbhísí GaeilgeAm samhraidhAndré-Marie AmpèreAcaillAn Chóiré ThuaidhAn AirméinAn ÍoslainnLíomhánSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáSeán Ó hEiniríFleadh BhricreannPlandaCúirt Uachtarach na Stát AontaitheBaile Átha CliathGavin Robinson14381157🡆 More